Seirbhísí Traein agus Tram Cheantar Bhaile Átha CliathDublin Area Map Train and Tram Sep 2024
An Léarscáil seo (PDF)

Taispeántar ar an léarscáil seo gach stad a bhaineann le Líne Uaine agus Líne Dhearg Luas. Gabhann Líne Dhearg Luas ó Stáisiún Uí Chonghaile / Iosta na Rinne go Teach Sagard / Tamhlacht agus gabhann an Líne Ghlas ó Dhroichead Broome go Gleann Bhríde. Tá seirbhísí Páirceála agus Taistil ar fáil ag Baile an tSíbhrigh agus ag an mBó Dhearg don Líne Dhearg, agus do Charraig Mhaighin, Stigh Lorgan agus do Bhaile Amhlaoibh don Líne Uaine.

Tugtar sonraí ann freisin ar sheirbhísí agus ar stadanna DART, a ghabhann ó na Clocha Liatha go Baile Brigín / Binn Éadair (áit a mbaineann an t-aistear ceann aistir amach). Tá seirbhísí Páirceála agus Taistil ar fáil ag na Clocha Liatha agus ag Cill Fhionntain.

Taispeántar traenacha comaitéireachta anseo, agus taispeántar an gréasán ar an léarscáil go dtí deireadh an limistéir gearrthurais. Seo gréasán Cheantar Bhaile Átha Cliath Iarnród Éireann Irish Rail. Tá sa limistéar seo gach stáisiún i gceantar Bhaile Átha Cliath ó na Clocha Liatha go Baile Brigín agus stáisiúin chomaitéireachta ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath go Maigh Nuad agus ó Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath go Collchoill.

Tram Bhaile Átha Cliath – LUAS

Léarscáil LUAS líne dhearg agus líne uaine

LUAS Map red line and green line - updated on 21st May 2024

Is féidir eolas breise a fháil faoi tháillí Leap TFI i gceantar Bhaile Átha Cliath anseo