Seirbhísí Bus Bhaile Phort Laoise – á seoladh ar an 23 Feabhra, 2025.

Oibreoidh City Direct dhá bhealach nua thar ceann Transport for Ireland.

Bealaí Nua

Seo a leanas na bealaí nua:

  • PL1– Lána an Choiléirigh – Bóthar Bhuiríos – Ascaill Shéamais Fhionntain Uí Leathlobhair – Stáisiún Traenach Phort Laoise – Bóthar Mhóinteach Mílic – Garrán na Coille
  • PL2– Coill Mhinsí– Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Phort Laoise – Ospidéal Naomh Fhionntain – Ascaill Shéamais Fhionntain Uí Leathlobhair – Stáisiún Traenach Phort Laoise – Lána Harpur – Páirc Theicneolaíochta agus Ghnó GFT – Bellingham

Oibríonn Bealaí PL1 agus PL2 seacht lá na seachtaine, gach 30 nóiméad nó mar sin. Beidh siad ag dul thar a chéile idir Stáisiún Traenach Phort Laoise agus Eaglais Naoimh Peadar agus Pól (Bóthar an tSráidbhaile/ Bóthar Bhuiríos) trí Ascaill Shéamais Fhionntain Uí Leathlobhair, rud a fhágann go dtiocfaidh bus gach 15 nóiméad sa chuid sin.

Cuirfidh Bealaí PL1 agus PL2 seirbhísí ar fáil go moch ar maidin agus anonn sa tráthnóna chuig Stáisiún Traenach Phort Laoise chun taisteal idir Port Laoise agus Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Luimneach a éascú.

Cuirfidh Bealaí PL1 agus PL2 nascacht níos fearr ar fáil le Lár Bhaile Phort Laoise agus Ionad Siopadóireachta Phort Laoise, agus cuirfidh PL2 nascacht níos fearr ar fáil le hOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Port Laoise, Ospidéal Naomh Fhionntain agus Páirc Theicneolaíochta agus Ghnó GFT. Cuirfidh PL1 agus PL2 nascacht níos fearr ar fáil freisin le líonra bus níos leithne TFI.

Táillí

Is féidir leat suas le 30% a shábháil ar tháillí airgid thirim agus do Chárta Leap TFI á úsáid agat.

Cineál
Paisinéara
Céim/
Bealach Táille
Airgead Tirim Táille
Leap TFI
Duine Fásta Gnáth-Tháille €2.00 €1.50
Aosach Óg /
Mac Léinn (19-25 bliana d’aois)
Gnáth-Tháille N/B €0.75
Páiste Gnáth-Tháille €0.90 €0.65

 

Leabhrán

ÍOSLÓDÁIL Leabhrán Seirbhísí Bhaile Phort Laoise (PDF)

Léarscáil

Léiríonn an léarscáil seo thíos seirbhísí bus nua Bhaile Phort Laoise go mionsonrach agus tá na stadanna ar gach bealach sa bhaile leagtha amach uirthi.

Portlaoise-Map

Tuilleadh Eolais

Cuirfear tuilleadh eolais faoi amchláir agus nuashonruithe ar bhealaí ar fáil ar shuíomh gréasáin nua ón 23 Feabhra, 2025 ag CitydirectPortlaoise.ie