Seirbhísí Bus Bhaile Chluain Meala – arna seoladh an 11 Nollaig 2024

Oibríonn Nasc Áitiúil TFI trí bhealach i mBaile Chluain Meala thar ceann Transport for Ireland.

Clonmel Town Bus Services

Íoslódáil léarscáil PDF

Tugtar níos mó sonraí ar an léarscáil seo faoi sheirbhísí bus nua Bhaile Chluain Meala agus taispeántar na stadanna do gach bealach laistigh den bhaile.

Is iad na bealaí nua i gCluain Meala:

  • CL1: Páirc Mhiondíola Poppyfield – An Bóthar Iartharach – Sráid Uí Chonaill – Bóthar an Dáibhisigh – Crann Ard
  • CL2: Páirc Ghnó Ard Gaoithe – Bóthar Chaisil – Bóthar Heywood – Sráid Uí Chonaill – Bóthar an Dáibhisigh – Crann Ard
  • CL9: Páirc Ghnó Ard Gaoithe – Bóthar Chaisil – Páirc Mhiondíola Poppyfield – An Bóthar Iartharach – Sráid Uí Chonaill – Bóthar an Dáibhisigh – Crann Ard

Oibrítear Bealaí CL1 agus CL2 seacht lá sa tseachtain – thart ar gach 60 nóiméad agus bíonn trasnaíl eatarthu, a chuireann minicíocht 30 nóiméad ar fáil idir Sráid na Banríona agus Crann Ard trí Shráid Uí Chonaill, Bóthar an Dáibhisigh agus Bóthar Bhaile an Phaoraigh.

Cuireann Bealach CL9 seirbhís go luath ar maidin agus go déanach um thráthnóna le taisteal a éascú ar aghaidh go Cill Chainnigh, Cathair Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort.

Úsáid do Chárta Leap TFI le táillí níos saoire agus aistriú saor in aisce idir bealaí a fháil. Caithfear aistrithe a dhéanamh laistigh de 90 nóiméad nuair atá do Chárta Leap TFI á úsáid agat.

Paisinéir
Cineál
Céim Tháille
/Bealach
Airgead tirim Táille Leap
Duine Fásta Caighdeánach €2.00 €1.50
Aosach Óg
/ Mac Léinn
Caighdeánach N/A €0.75
Leanbh Caighdeánach €0.90 €0.65

Chun teacht ar eolas ar amchláir, tabhairt cuairt ar shuíomh gréasáin Nasc Áitiúil TFI Thiobraid Árann.