Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an rialtóir náisiúnta do thacsaithe, hacnaithe agus limisíní agus tá sé mar aidhm againn seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar san earnáil do gach paisinéir.
Más úsáideoir tacsaí, hacnaí nó limisín thú agus más mian leat aiseolas a sholáthar don Údarás Náisiúnta Iompair ar na seirbhísí a fuair tú, nó más mian leat ceist a chur chuig an Údarás Náisiúnta Iompair faoi na seirbhísí seo, comhlánaigh an fhoirm thíos le do thoil agus tugaimid freagra duit gan mhoill.