Ná bí buartha! Cuirfear earraí a fhaightear ar fheithiclí Bus Éireann i dtaisce ag an iosta Bus Éireann is cóngaraí.
Líon amach foirm ghréasáin Bhus Éireann le sonraí maidir le do mhír atá caillte.
Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015
Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110
Coimeádfar earraí ar feadh 30 lá:
Coimeádaimid earraí caillte ar feadh 30 lá. Tar éis sin gheofar réidh leo. Tógaimid agus scriosaimid aon sonraí pearsanta go sábháilte. Tabharfar earraí tréigthe do charthanacht, déanfar iad a athchúrsáil nó iad a dhiúscairt.
Caillteanas nó damáiste:
Ní ghlacann Bus Éireann aon fhreagracht as caillteanas ná damáiste a dhéantar d’earraí paisinéirí ar áitreabh Bus Éireann nó ar fheithiclí Bus Éireann.
Tabhair faoi deara:
Má tá cabhair uait le Expressway, téigh go dtí suíomh Expressway.
Má tá cabhair uait le seirbhísí Iompair Scoile, téigh go dtí an suíomh gréasáin Bhus Éireann.
Coimeádfaidh Iarnród Éireann Irish Rail earraí caillte ar feadh 30 lá amháin. Maidir le earraí a chailltear ar sheirbhísí Iarnród Éireann, déan teagmháil le stáisiún chríochfort na seirbhíse ar thaisteal tú uirthi. Is féidir leat na mionsonraí teagmhála do gach stáisiún a fháil ar leathanach Eolas maidir le Stáisiún.
Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015
Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110
nó
Seol ríomhphost chuig lostproperty@irishrail.ie agus scríobh ‘Earraí Caillte’ isteach i líne an ábhair, agus déan cinnte le do thoil d’ainm iomlán agus uimhir theagmhála, agus an oiread mionsonraí agus is féidir a sholáthar.
Ná bí buartha! Earraí a fhaightear ar sheirbhísí TFI atá á n-oibriú ag Go-Ahead Ireland, fágfar ag an Oifig Earraí Caillte is cóngaraí iad.
An chéad chéim eile:
Déan cur síos ar d’earra ar an bhfoirm earraí caillte seo: Earraí Caillte a Thuairisciú
Beimid i dteagmháil leat chomh luath agus is féidir má cheapaimid go bhfuil sé againn nó má tá tuilleadh eolais ag teastáil uainn.
Má tá sé práinneach agus caithfidh tú caint le duine éigin:
Glaoigh ar: 0818 294 015
Ó lasmuigh d’Éirinn +353 1575 6110
Uaireanta Oscailte:
Fágtar na mílte earra ar ár mbusanna gach bliain, mar sin má tá earraí caillte agat ar cheann dár mbusanna níl tú i d’aonair.
Tá Rannóg Earraí Caillte Bhus Átha Cliath ar fáil ó Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Poiblí) ó na huaireanta, 08.45 go 17.00.
Glaoigh ar: 01 703 1321
Nó Seol Ríomhphost chuig: baclostproperty@dublinbus.ie
Uaireanta Oscailte:
Príomhphointí:
Bailigh earraí caillte ó iostaí Luas ag na hamanna seo a leanas:
An Bhó Dhearg
Luan go hAoine: 7am – 7pm; dúnta ó 1pm – 2pm. Dé Sathairn 10am – 2pm
Áth an Ghainimh
Luan go Déardaoin: 9am – 5pm. Dé hAoine: 9am-4pm. Dúnta ó 1pm – 2pm
Droichead Broome
Luan go hAoine: 8am – 4:30pm. Dúnta ó 1pm – 2pm
Glaoigh ar: 0818 300 604
Taobh amuigh d’Éirinn, glaoigh ar: 00353 1 4614911
Ní rud neamhghnách é do phaisinéirí ítimí amhail scáthanna báistí, miotóga nó fóin phóca a fhágáil ina ndiaidh i dtacsaí nó i hacnaí. Má tharlaíonn sé sin duitse is ceart duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
Cliceáil anseo chun breathnú ar mhionsonraí faoi na stáisiúin Ghardaí ar fud na tíre.
Tá freagracht ar an nGarda Síochána i ndáil le maoin chaillte a sheachadann oibreoirí Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (SPSV) orthu. Nuair a sheachadtar maoin ar an nGarda Síochána, coinnítear í ar feadh 31 lá ar a laghad agus, de rogha an Gharda Síochána, ar feadh tréimhse suas go 366 lá, ach sin ag brath ar chineál nó ar luach na hítime, agus déantar amhlaidh chun deis a thabhairt don úinéir í a éileamh.
Is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an stáisiún Gardaí i do cheantar agus beidh siad in ann a rá leat ar seachadadh an mhaoin ar aon stáisiún Gardaí.
Is mó an seans go mbeidh na Gardaí in ann do mhaoin a aisghabháil más féidir leat uimhir cheadúnais an tacsaí a d’úsáid tú a thabhairt dóibh agus bíonn an uimhir sin ar taispeáint ar d’admháil.
Más rud é nach mbíonn teacht ar an ítim nuair a dhéanann tú fiosrú ar dtús, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú fiosrú eile a dhéanamh seachtain nó mar sin ina dhiaidh sin ó tharla go mb’fhéidir nach dtabharfaidh an tiománaí don Gharda Síochána í láithreach i ndiaidh teacht uirthi.
Iarrfaidh na Gardaí cruthúnas ar chéannacht ort sula dtabharfaidh siad aon mhaoin ar ais duit.
I gcás maoin a chailltear ar sheirbhísí Nasc Áitiúil, déan teagmháil dhíreach leis an oifig Nasc Áitiúil i do cheantar féin.
Má chailleann tú ítimí ar sheirbhísí aon oibreoirí príobháideacha iompair, déan teagmháil dhíreach leis an oibreoir atá i gceist.