Nuashonrú is déanaí an 5 Nollaig 2024

Go raibh maith agat as an mbealach inacmhainne agus inbhuanaithe a roghnú le dul timpeall le linn shéasúr na Nollag!

Leideanna Taistil don Nollaig:

Tá go leor oibreoirí ag cur seirbhísí déanacha ar siúl chun cabhrú leat an leas is fearr a bhaint as! Cibé an bhfuil tú ag siopadóireacht, ag bualadh le cairde nó ag obair, beir ar do Chárta Leap TFI agus seiceáil nuashonruithe an chomhlachta iompair thíos chun do thuras a phleanáil.

Sábháilteacht Tacsaí:

Ag taisteal i dtacsaí séasúr na Nollag seo? Bí cinnte go n-íoslódálann tú an Aip Seiceála Tiomána TFI chun a chinntiú go bhfuil do thiománaí cláraithe agus go dtabharfaidh sé abhaile thú go sábháilte

Má tá tú ag taisteal i mBaile Átha Cliath:

Chun an taisteal is saoire a fháil, ní gá ach tapáil ar do thuras deiridh laistigh de 90 nóiméad ó do chéad turas.

Leis an táille 90 nóiméad TFI, is féidir leat taisteal ar Bhus Átha Cliath, Luas, seirbhísí Go-Ahead Ireland Chathair Átha Cliath agus an chuid is mó de na seirbhísí DART agus iarnróid comaitéireachta le €2.00 do dhaoine fásta, €1.00 do dhaoine óga (19-25) agus do mhic léinn, agus 65 cent do leanaí le do Chárta Leap TFI!

Bígí ag faire amach do Shoilse an Gheimhridh! Is eispéireas féiltiúil é Soilse Geimhridh Bhaile Átha Cliath de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath inar féidir le daoine taitneamh a bhaint as teilgin solais shamhlaíocha ó ealaíontóirí mór le rá ar fud lár na cathrach.

Operation Open City 2024 ar siúl i rith mhí na Nollag. Tá an tionscnamh seo ag an nGarda Síochána deartha chun gluaiseacht iompair phoiblí a éascú agus cur isteach ar thrácht don phobal i gcoitinne a íoslaghdú, trí ghníomhaíocht ard-infheictheachta agus forfheidhmithe.

Pleanálaí Turais TFI

Is féidir lenár bpleanálaí turais TFI cabhrú leat do thurais a phleanáil thar thréimhse na Nollag. Is féidir leat an aip TFI Live a íoslódáil freisin chun do thuras a phleanáil.

Oibreoirí Iompair:

Féach thíos le haghaidh:

  • Amchláir
  • Nuashonruithe Seirbhísí
  • Sonraí Teagmhála

Tabhair faoi deara go bhféadfadh na seirbhísí seo a bheith faoi réir athruithe, mar sin cuimhnigh seiceáil ar ais go rialta le haghaidh nuashonruithe.

 

Socruithe Seirbhísí Iompair Phoiblí

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas de chuid Bhus Éireann thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh na seirbhísí go léir mar is gnách agus is é 9pm an imeacht deireanach ó na críochfoirt.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Feidhmeoidh amchláir an Domhnaigh seachas bealach 220 i gCorcaigh. Cuirfear tús le formhór na mbealaí ag 9am le roinnt díolúintí.
  • 27 Nollaig – 31 Nollaig: Beidh na gnáth-amchláir i bhfeidhm.
  • Lá na Bliana Úire an 1 Eanáir: Beidh amchláir an Domhnaigh i bhfeidhm.
  • 2 Eanáir: Beidh na gnáth-amchláir i bhfeidhm arís.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt le do thoil ar www.buseireann.ie.

Is féidir faisnéis Teagmhála a fháil ar an leathanach Lárionad Cabhrach TFI.

Feidhmeoidh na seirbhísí Bus Átha Cliath seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Déardaoin an 12 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách le seirbhísí iomlána Nitelink agus seirbhísí 24 uair an chloig i bhfeidhm.
  • Déardaoin an 19 – Dé Luain an 23 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách agus beidh seirbhísí iomlána Nitelink i bhfeidhm.
  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh na seirbhísí mar is gnách go dtí 9pm. Ní fheidhmeofar aon seirbhísí tar éis 9pm.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní bheidh aon seirbhís i bhfeidhm.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Beidh seirbhís an Domhnaigh i bhfeidhm. Ní fheidhmeoidh an tseirbhís Nitelink. Feidhmeoidh na bealaí 15, 39a, 41, C1, C2, C5, C6, G1, G2 agus N4 ó 5 AM.
  • Dé hAoine an 27 Nollaig: Beidh seirbhís Shathairn i bhfeidhm le roinnt imeachtaí breise go luath ar maidin. Beidh seirbhísí Nitelink agus 24 uair an chloig i bhfeidhm.
  • Dé Sathairn an 28 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách le seirbhísí iomlána Nitelink agus seirbhísí 24 uair an chloig i bhfeidhm.
  • Dé Domhnaigh an 29 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách chomh maith le seirbhísí 24 uair an chloig. Ní fheidhmeoidh seirbhísí Nitelink.
  • Dé Luain an 30 agus Dé Máirt an 31 Nollaig: Beidh seirbhís Shathairn i bhfeidhm. Beidh seirbhísí iomlána Nitelink agus 24 uair an chloig i bhfeidhm.
  • 1 Eanáir: Beidh seirbhís an Domhnaigh i bhfeidhm chomh maith le seirbhísí 24 uair an chloig. Ní fheidhmeoidh seirbhísí Nitelink.
  • 2 Eanáir: Tosaíonn na gnáthsheirbhísí arís.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt le do thoil ar www.dublinbus.ie

Is féidir faisnéis Teagmhála a fháil ar an leathanach Lárionad Cabhrach TFI.

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas de chuid Go-Ahead Ireland thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách go dtí 9pm. Cuirfear turais tar éis 9pm ar ceal.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Cuirfear tús le seirbhísí ag 9am agus oibreoidh siad de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 27 Nollaig – 30 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Oíche Chinn Bliana an 31 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm. Feidhmeoidh ceithre thuras bhreise ar bhealach uimhir 126 agus 4 thuras ar bhealach uimhir 120.
  • Lá na Bliana Úire an 1 Eanáir: Feidhmeoidh seirbhísí de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 2 Eanáir: Tosófar na gnáthsheirbhísí arís.

Is féidir faisnéis Teagmhála a fháil ar an leathanach Lárionad Cabhrach TFI.

Moltar do chustaiméirí Iarnród Éireann ar gach bealach amanna a sheiceáil roimh thaisteal, agus taisteal idirchathrach a chur in áirithe roimh ré ag na hamanna is gnóthaí.

Feidhmeoidh Iarnród Éireann seirbhísí speisialta déanach san oíche gach Déardaoin go Satharn ag tosú an 5 Nollaig agus ag críochnú an 21 Nollaig. Beidh na seirbhísí speisialta thíos i bhfeidhm.

Seirbhísí déanach san oíche ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath

  • 12:30 AM agus 1:30 AM ó Stáisiún na bPiarsach ag freastal ar gach stáisiún go dtí Binn Éadair
  • 12:35 PM agus 1:35 AM ó Stáisiún Uí Chonghaile ag freastal ar gach stáisiún go dtí na Clocha Liatha
  • 12:40 AM agus 1:40 AM ó Stáisiún na bPiarsach ag freastal ar Shráid na Teamhrach, Stáisiún Uí Chonghaile, agus gach stáisiún ó Acomhal Binn Éadair go dtí Dún Dealgan
  • 12:20 AM agus 2:05 AM ó Stáisiún na bPiarsach ag freastal ar gach stáisiún go dtí Maigh Nuad
  • 11:55 PM agus 1:58 AM ó Stáisiún na bPiarsach ag freastal ar gach stáisiún go dtí Droim Chonrach, agus gach stáisiún ón bPáirc Thiar go Cill Dara

Athruithe ar sheirbhísí iarnróid an 24 Nollaig 2024 go dtí an 5 Eanáir 2025, an dá lá sin san áireamh

Oíche Nollag an 24 Nollaig 2024

  • Seirbhís Idirchathrach i rith na seachtaine ach le cealuithe agus athruithe ar bhealaí áirithe, leis na seirbhísí deiridh idir thart ar 6 p.m. agus 8:30 p.m.
  • Feidhmeoidh seirbhísí DART agus Comaitéireachta gnáthsheirbhís Dé Sathairn go dtí thart ar 9 p.m.
    • Seirbhísí deiridh: 7:45 PM Heuston/Port Laoise & 7:25 PM Port Laoise/Heuston; 8:17 PM Conghaile/Maigh Nuad & 9:08 PM Maigh Nuad/Conghaile; 8:50 PM Cluain Saileach/Bealach na Páirce M3 & 9:08 PM Bealach na Páirce M3/Cluain Saileach; 8:18 PM Conghaile/Droichead Átha & 7:48 PM Droichead Átha/Conghaile; 9:03 PM Mullach Íde/Conghaile & 8:57 PM Bré/Conghaile.
  • Feidhmeoidh bealach Comaitéireachta Thollán Pháirc an Fhionnuisce (Cé na Canálach Móire/Collchoill go dtí an Droichead Nua) seirbhís laghdaithe go dtí thart ar 7:45 PM.
    • Seirbhísí deiridh: 6:52 pm Collchoill/Cé na Canálach Móire & 7:45 pm Cé na Canálach Móire/Collchoill.
  • Feidhmeoidh seirbhísí Comaitéireachta Chorcaí gnáthsheirbhís Shathairn go dtí thart ar 9 p.m.
    • Seirbhísí deiridh: 8 PM Corcaigh/Cóbh & 8:30 PM Cóbh/Corcaigh; 8:15 PM Corcaigh/Mainistir na Corann & 8:45 PM Mainistir na Corann/Corcaigh.

Lá Nollag Dé Céadaoin an 25 Nollaig 2024 & Lá Fhéile Stiofáin Déardaoin an 26 Nollaig 2024

  • Ní bheidh aon seirbhísí traenach ag feidhmiú ar aon bhealach.

Dé hAoine an 27 Nollaig 2024

  • Seirbhísí Idirchathrach athbhreithnithe agus laghdaithe, seiceáil na hamanna sula dtaistealaíonn tú.
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Shathairn ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
  • Seirbhís Shathairn ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Seirbhís athbhreithnithe ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise, seiceáil na hamanna sula dtaistealaíonn tú.
  • Ní bheidh seirbhís ar bith ar bhealach Thollán Pháirc an Fhionnuisce (Cé na Canálach Móire/Collchoill go dtí an Droichead Nua).

Dé Sathairn an 28 Nollaig 2024

  • Gnáthsheirbhís Idirchathrach Dé Sathairn ach le cealuithe agus athruithe ar bhealaí áirithe.
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Shathairn ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
  • Gnáthsheirbhís Shathairn ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Gnáthsheirbhís Shathairn ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise.

Dé Domhnaigh an 29 Nollaig 2024

  • Gnáthsheirbhís Idirchathrach Dé Domhnaigh ach le cealuithe agus athruithe ar bhealaí áirithe.
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Dé Domhnaigh ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
  • Gnáthsheirbhís Dé Domhnaigh ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Gnáthsheirbhís Dé Domhnaigh ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise.

Dé Luain an 30 Nollaig 2024

  • Seirbhísí Idirchathrach athbhreithnithe agus laghdaithe, seiceáil na hamanna sula dtaistealaíonn tú.
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Shathairn ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
  • Seirbhís Shathairn ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Seirbhís athbhreithnithe ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise, seiceáil na hamanna sula dtaistealaíonn tú.
  • Ní bheidh seirbhís ar bith ar bhealach Thollán Pháirc an Fhionnuisce (Cé na Canálach Móire/Collchoill go dtí an Droichead Nua).

 Oíche Chinn Bliana an 31 Nollaig 2024

  • Seirbhís Idirchathrach i rith na seachtaine ach le cealuithe agus athruithe ar bhealaí áirithe, leis na seirbhísí deiridh idir thart ar 6 p.m. agus 8:30 p.m.
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Shathairn ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta go dtí thart ar 9 PM, leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
    • Seirbhísí deiridh: 19:45 PM Heuston/Port Laoise & 7:25 PM Port Laoise/Heuston; 8:17 PM Conghaile/Maigh Nuad & 9:08 PM Maigh Nuad/Conghaile; 8:50 PM Cluain Saileach/Bealach na Páirce M3 & 9:08 PM Bealach na Páirce M3/Cluain Saileach; 8:18 PM Conghaile/Droichead Átha & 7:48 PM Droichead Átha/Conghaile; 9:03 PM Mullach Íde/Conghaile & 9 PM Bré/Cé na Canálach Móire.
  • Ní bheidh seirbhís ar bith ar bhealach Thollán Pháirc an Fhionnuisce (Cé na Canálach Móire/Collchoill go dtí an Droichead Nua).
  • Feidhmeoidh seirbhísí Comaitéireachta Chorcaí gnáthsheirbhís Shathairn go dtí thart ar 9 p.m.
    • Seirbhísí deiridh: 8 PM Corcaigh/Cóbh & 8.30 PM Cóbh/Corcaigh; 8:15 PM Corcaigh/Mainistir na Corann & 8:45 PM Mainistir na Corann/Corcaigh.
  • Beidh seirbhísí breise i bhfeidhm i rith na hoíche tar éis imeachtaí Oíche Chinn Bhliana Bhaile Átha Cliath – sonraí thíos:
    • 01.35 Stáisiún Uí Chonghaile/Binn Éadair
    • 02.35 Stáisiún Uí Chonghaile/Binn Éadair
    • 01.30 Stáisiún na bPiarsach/na Clocha Liatha
    • 02.30 Stáisiún na bPiarsach/na Clocha Liatha

Lá na Bliana Úire Dé Céadaoin an 1 Eanáir 2025

  • Seirbhísí Idirchathrach athbhreithnithe agus laghdaithe, seiceáil na hamanna sula dtaistealaíonn tú.
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Dé Domhnaigh ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
  • Seirbhís Dé Domhnaigh ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Seirbhís Dé Domhnaigh ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise.
  • Ní bheidh seirbhís ar bith ar bhealach Thollán Pháirc an Fhionnuisce (Cé na Canálach Móire/Collchoill go dtí an Droichead Nua).

Déardaoin an 2 Eanáir 2025 & Dé hAoine an 3 Eanáir 2025

  • Gnáthsheirbhís i rith na seachtaine ar sheirbhísí Idirchathrach chuig/ó Stáisiún Heuston.
  • Gnáthsheirbhís i rith na seachtaine ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise.
  • Gnáthsheirbhís i rith na seachtaine ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Feidhmeoidh seirbhísí Enterprise Bhéal Feirste agus Idirchathrach Shligigh chuig/ó Stáisiún Uí Chonghaile mar is gnách.
  • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Conghaile agus Cé na Canálach Móire, beidh seirbhís athbhreithnithe Dé Sathairn i bhfeidhm ar bhealaí Comaitéireachta DART agus Chonghaile leis na seirbhísí buaic-ama breise thíos (Féach tuilleadh eolais thíos le do thoil).
    • 06.00 Na Clocha Liatha/Stáisiún na bPiarsach
    • 06.25 Bré/Stáisiún na bPiarsach
    • 06.30 Stáisiún na bPiarsach/na Clocha Liatha
    • 06.00 Binn Éadair/Stáisiún Uí Chonghaile
    • 06.20 Mullach Íde/Stáisiún Uí Chonghaile
  • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, beidh na hathruithe seo a leanas ar chlár ama an tSathairn seo:
    • Beidh Stáisiún Cheantar na nDugaí dúnta.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Ní oibreoidh seirbhísí DART Theas idir Stáisiún na bPiarsach agus Bré/Na Clocha Liatha ach go dtí thart ar 6 PM, agus ina dhiaidh sin ní oibreoidh ach seirbhísí idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí Comaitéara Thuaidh idir Dún Dealgan/Droichead Átha agus Stáisiún Uí Chonghaile amháin.
    • Beidh seirbhísí Comaitéireachta Mhaigh Nuad ag feidhmiú idir Maigh Nuad agus Stáisiún Uí Chonghaile amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí Comaitéireachta Bhealach na Páirce M3 idir Bealach na Páirce M3 agus Cluain Saileach amháin. Is féidir le custaiméirí nascadh le seirbhísí Comaitéireachta Mhaigh Nuad chun taisteal go dtí/ó Stáisiún Uí Chonghaile.
    • Moltar do chustaiméirí amanna a sheiceáil sula dtaistealaíonn siad.
  • Seirbhís laghdaithe ar bhealach Thollán Pháirc an Fhionnuisce (Cé na Canálach Móire/Collchoill go dtí an Droichead Nua) mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire. Ní fheidhmeoidh seirbhísí ach chuig/ó Stáisiún Uí Chonghaile amháin. Moltar do chustaiméirí amanna a sheiceáil sula dtaistealaíonn siad.

Dé Sathairn an 4 Eanáir 2025

  • Gnáthsheirbhís Idirchathrach Dé Sathairn ar gach bealach, seachas Baile Átha Cliath/Ros Láir:
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Seirbhís athbhreithnithe Dé Sathairn ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta Bhaile Átha Cliath, leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
      • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
      • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.
  • Gnáthsheirbhís Shathairn ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Gnáthsheirbhís Shathairn ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise.

Dé Domhnaigh an 5 Nollaig 2025

  • Gnáthsheirbhís Idirchathrach Dé Domhnaigh ar gach bealach, seachas Baile Átha Cliath/Ros Láir:
    • Mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, oibreoidh seirbhísí Ros Láir mar aistrithe bus idir Conghaile agus Bré. Ní fheidhmeoidh traenacha ach idir Bré agus Ros Láir amháin.
  • Gnáthsheirbhís Dé Domhnaigh ar bhealaí Comaitéireachta Chorcaí.
  • Gnáthsheirbhís Dé Domhnaigh ar bhealach Comaitéireachta Phort Laoise.
  • Seirbhís athbhreithnithe Dé Domhnaigh ar an DART agus ar bhealaí Comaitéireachta Bhaile Átha Cliath leis na hathruithe seo a leanas mar gheall ar Oibreacha Innealtóireachta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Cé na Canálach Móire, déan na hamanna a sheiceáil roimh thaisteal:
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh thuaidh idir Conghaile agus Binn Éadair/Mullach Íde amháin.
    • Feidhmeoidh seirbhísí DART ar an taobh theas idir Cé na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha amháin.

Dé Luain an 6 Eanáir 2025

      • Gnáthsheirbhís ar gach bealach.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt ar: www.irishrail.ie Cuimhnigh: cuardaigh an chéad dáta eile le haghaidh traenacha a bheidh ag oibriú tar éis meán oíche.

Is féidir faisnéis Teagmhála a fháil ar an leathanach Lárionad Cabhrach TFI.

Luas

Bí cinnte na hamchláir do sheirbhísí Luas a sheiceáil thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

Seirbhísí Oíche Luas

Beidh tramanna oíche Luas i bhfeidhm go dtí go luath ar maidin ar na Línte Dearga agus Uaine Dé hAoine an 13 Nollaig, Dé Sathairn an 14 Nollaig, Dé hAoine an 20 Nollaig, agus Dé Sathairn an 21 Nollaig agus críochnóidh siad ar 8 pm Oíche Nollag. Beidh an Luas i bhfeidhm i rith na hoíche freisin Dé Máirt 31 Nollaig.

Rachaidh tramanna oíche Luas sa dá threo, ag bailiú paisinéirí ag gach stad ar an Líne Uaine agus ar an Líne Dhearg; mar sin féin, ní rachaidh na tramanna oíche Luas deireanacha ach ar an taobh Thiar ón stad Luas Iosta na Rinne ar an Líne Dhearg agus ó Dheas ó Dhroichead Broome ar an Líne Uaine.

Na Seirbhísí Luas deiridh ar laethanta nach bhfuil an Luas i bhfeidhm i rith na hoíche:

  •  Tram deiridh ó Iosta na Rinne ag dul siar: 12:30 a.m. Dé Luain – Dé Sathairn agus 11:30 pm Dé Domhnaigh
  • Tram deiridh ó Chongaile ag dul siar: 7:31 p.m. ach téann tramanna go déanach san oíche ó Stad Busáras Luas (thart ar 200m siúlóide) 12:38 AM Dé Luain – Dé Sathairn agus 11:36 p.m. Dé Domhnaigh
  • Tram deiridh ó Theach Sagard ag dul soir: 11:52 p.m. Dé Luain – Dé Sathairn agus 10:51 pm Dé Domhnaigh
  • Tram deiridh ó Thamhlacht ag dul soir: 12 a.m. Dé Luain – Dé Sathairn agus 11 p.m. Dé Domhnaigh
  • Tram deiridh ó Dhroichead Broome Theas: 12:17 a.m. Dé Luain – Dé Sathairn agus 11:17 pm Dé Domhnaigh
  • Tram deiridh ó Ghleann Bhríde Thuaidh: 12 a.m. Dé Luain – Dé Sathairn agus 11 p.m. Dé Domhnaigh

Tá Ticéad Luas bailí, Cárta Seirbhísí Poiblí bailí le Saorthaisteal, nó Cárta Leap TFI bailíochtaithe ag an stad Luas ag teastáil chun Luas a úsáid.

Is féidir faisnéis Teagmhála a fháil ar an leathanach Lárionad Cabhrach TFI.

Le haghaidh amchláir Nasc Áitiúil TFI agus faisnéis seirbhíse thar an tréimhse saoire, déan teagmháil le d’oifig Nasc Áitiúil TFI le do thoil.

Leideanna tacsaithe do shéasúr na Nollag 2024

Ag taisteal i dtacsaí nó hacnaí séasúr na Nollag seo? Seo roinnt leideanna cabhracha chun tú a choinneáil ag gluaiseacht:

  • Pleanáil roimh ré: Bíonn séasúr na Nollag an-ghnóthach do gach seirbhís iompair phoiblí. Seiceáil eolas faoi sheirbhísí bus, traenach agus Luas TFI sula dtéann tú ag taisteal. Má roghnaíonn tú taisteal i dtacsaí nó hacnaí, bí cinnte áirithint a dhéanamh roimh ré más féidir leat.
  • Uastáillí: Ag taisteal i hacnaí? Ná déan dearmad do tháille a aontú roimh ré. Ag taisteal i dtacsaí? Léiríonn an tacsaiméadar an táille uasta tacsaí atá iníoctha (seachas dolaí). Chun raon costais a fháil le haghaidh do thurais, féach ar Mheastachán Táillí Tacsaithe TFI.
  • Táillí breise: Má roghnaíonn tú do thacsaí a chur in áirithe ar Aip, féadfar táillí ar leith a ghearradh ort as an tseirbhís áirithinte sin a úsáid. Cuardaigh thart chun an luach is fearr a fháil!
  • Airgead tirim nó Cárta? Tá an rogha agat! Caithfidh gach tiománaí tacsaí íocaíochtaí cárta a ghlacadh (gan aon táillí breise).
  • Admhálacha: Bí cinnte go n-iarrfaidh tú d’admháil tacsaí agus ná déan dearmad breathnú sula dtapálann tú do chárta. Faigh tuilleadh eolais ar do tháille tacsaí roimh thaisteal.
  • Sábháilteacht: Tá comharthaí díon agus dorais údaraithe ‘Taxi/Tacsaí’ ag gach tacsaí ceadúnaithe. Íoslódáil an Aip Seiceála Tiomána TFI fíor-ama saor in aisce chun a sheiceáil go bhfuil dothiománaí hacnaí nó tacsaí láncheadúnaithe, agus chun faisnéis do thurais a roinnt le cara. Chun an nuacht is déanaí a fháil ar nuashonruithe iompair phoiblí TFI, féach ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.

Beidh na seirbhísí seo a leanas i gCathair Chill Chainnigh ag feidhmiú thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách go dtí 9pm. Cuirfear turais tar éis 9pm ar ceal.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Cuirfear tús leis an tseirbhís ag 9am agus oibreoidh siad de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 27 Nollaig – 31 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Lá na Bliana Úire an 1 Eanáir: Feidhmeoidh seirbhísí de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 2 Eanáir: Tosófar na gnáthsheirbhísí arís.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt ar: https://citydirectkilkenny.ie/

Eolas Teagmhála

Ríomhphost: customercomment@citydirect.ie

Suíomh Gréasáin: www.CityDirectkilkenny.ie

Teileafón: 056 779 5929056 780 0039

  • Meáin Shóisialta

Twitter

Facebook

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách go dtí 9pm. Cuirfear turais tar éis 9pm ar ceal.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Cuirfear tús leis na seirbhísí ag 9am agus oibreoidh siad mar is gnách.
  • 27 Nollaig – 31 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Lá na Bliana Úire an 1 Eanáir: Feidhmeoidh seirbhísí de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 2 Eanáir: Tosófar na gnáthsheirbhísí arís.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt ar: https://jjkavanagh.ie/

Eolas Teagmhála

Ríomhphost: info@jjkavanagh.ie

Suíomh Gréasáin: jjkavanagh.ie

Teileafón: 0818 333 222

  • Meáin Shóisialta

Twitter

Facebook

Instagram

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Tosófar na gnáthsheirbhísí arís.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt ar: https://www.dublincoach.ie/

Eolas Teagmhála

Ríomhphost: info@dublincoach.ie

Suíomh Gréasáin: https://www.dublincoach.ie/

Teileafón: (0)1 465 99722

  • Meáin Shóisialta

Twitter

Facebook

Instagram

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • 27 Nollaig agus 28 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • 29 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • 30 Nollaig agus 31 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • 1 Eanáir: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt ar: http://www.andrewwhartoncoachhire.com/

Eolas Teagmhála

Ríomhphost: awwharton@gmail.com

Suíomh Gréasáin: www.andrewwhartoncoachhire.com

Teileafón: +353 868181435

  • Meáin Shóisialta

Facebook

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách go dtí 9pm. Cuirfear turais tar éis 9pm ar ceal.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Cuirfear tús leis na seirbhísí ag 9am agus oibreoidh siad mar is gnách.
  • 27 Nollaig – 31 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Lá na Bliana Úire an 1 Eanáir: Feidhmeoidh seirbhísí de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 2 Eanáir: Tosófar na gnáthsheirbhísí arís.

Is féidir faisnéis Teagmhála a fháil ar an leathanach Lárionad Cabhrach TFI.

 

Feidhmeoidh na seirbhísí seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

  • Oíche Nollag an 24 Nollaig: Feidhmeoidh seirbhísí mar is gnách go dtí 9pm. Cuirfear turais tar éis 9pm ar ceal.
  • Lá Nollag an 25 Nollaig: Ní fheidhmeofar aon seirbhísí.
  • Lá Fhéile Stiofáin an 26 Nollaig: Cuirfear tús leis na seirbhísí ag 9am agus oibreoidh siad mar is gnách.
  • 27 Nollaig – 31 Nollaig: Beidh na gnáthsheirbhísí i bhfeidhm.
  • Lá na Bliana Úire an 1 Eanáir: Feidhmeoidh seirbhísí de réir amchlár an Domhnaigh.
  • 2 Eanáir: Tosófar na gnáthsheirbhísí arís.

Chun an t-eolas seirbhíse is déanaí a fháil tabhair cuairt ar: https://citydirect.ie/

Eolas Teagmhála

Ríomhphost: customercomment@citydirect.ie

Suíomh Gréasáin: https://citydirect.ie/

Teileafón: +353 (0)91 564 776

  • Meáin Shóisialta

Facebook