Seirbhís Bhaile a oibreofar 17 n-uaire in aghaidh an lae – ÚNI chun moltaí a chur i láthair ag imeacht Faisnéise Poiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall

Seolfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) comhairliúchán poiblí ar Sheirbhís Bus Bhaile Leitir Ceanainn Dé Céadaoin seo chugainn an 17ú Iúil 2024.

Letterkenny Bus

Tá sé beartaithe ag an ÚNI infheistíocht a dhéanamh i Leitir Ceanainn trí sholáthar líonra seirbhísí bus áitiúla de chineál uirbeach a aimsiú a oibreofar 17 n-uaire in aghaidh an lae ó Luan go Satharn, agus le lá oibriúcháin rud beag níos giorra ar an Domhnach.

Faoin moladh sin, oibreofar busanna ar dhá bhealach gach leathuair, ag tosú go luath sa mhaidin agus ag rith go dtí deireadh na hoíche ar feadh na seachtaine.

Tógfaidh turas go dtí lár an bhaile thart ar 15 nóiméad, agus beidh níos mó ná 80% de dhaonra an bhaile ina gcónaí faoi shiúlóid ghairid ó stad bus. Oibreofar an dá bhealach ar stráice choitianta tríd an mbaile, agus sreabhadh na mbusanna á mhéadú faoi dhó ar an stráice sin.

Bealach 1 ó Radharc an tSléibhe chuig Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn

Oibreofar Bealach 1 ó Radharc an tSléibhe trí lár an bhaile chuig Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn, chuig Baile Mhic Chomhghaill agus chuig OTA Leitir Ceanainn.

Bealach 2 Lios Naíonán trí Lár an Bhaile go dtí an Gleann Rua

Déanfar freastal le Bealach 2 ar Lios Naíonán trí Lár an Bhaile agus Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn go dtí an Gleann Rua.

Tá daonra de bheagnach 26,000 duine i Leitir Ceanainn agus tugann suas le 40,000 duine eile cuairt ar an mbaile gach lá maidir le hobair, oideachas, agus ar chúiseanna sóisialta, agus trí sheirbhís bus bhaile iontaofa a bheidh ann go minic tabharfar an rogha do mhuintir an cheantair taisteal a dhéanamh agus modh iompair phoiblí inbhuanaithe á úsáid.

Beidh táille bhaile chomhréidh chaighdeánach de €2 i bhfeidhm

Beidh táille bhaile chomhréidh chaighdeánach de €2 i bhfeidhm do dhaoine fásta a íocann le hairgead tirim agus táille €1.50 i bhfeidhm nuair a úsáideann siad cárta Leap TFI (Transport for Ireland). Íocfaidh paisinéirí faoi 26 bliana d’aois agus páistí leath-tháille. Glacfar le Pasanna Shaorthaistil freisin.  Má tá aon duine ag athrú bealaí chun turas a chríochnú trasna an bhaile, is féidir an dara bus a fháil saor in aisce laistigh de 90 nóiméad ón gcéad bhus a thógáil.

Cuirfear stadanna bus nua a bheidh go hiomlán inrochtana ar fáil freisin, agus amchláir léaráideacha ar taispeáint ag gach ceann acu, chomh maith le heolas úsáideach eile do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu bheith ina bpaisinéirí maidir le conas an tseirbhís a úsáid.

Daoine a iompar chuig a n-áit oibre, chuig a scoil, chuig a gcoláiste agus chuig cúram sláinte

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair:I ndáiríre, tugtar baile le chéile trí sheirbhísí bus bhaile. Tríd an gcomhairliúchán poiblí seo ag an ÚNI, ceapaim go dtabharfar deis do gach duine i Leitir Ceanainn agus i gcúltír an bhaile chun tuairim a thabhairt maidir le conas seirbhísí iompair phoiblí a fheabhsú i do bhaile dúchais. Tá an t-eolas is fearr agatsa ar do bhaile féin agus ar do riachtanais, agus dá bhrí sin tá sé tábhachtach go bhfaighimid eolas uaitse, ionas gur féidir leat cuidiú le seirbhís bus a dhearadh a oireann do do riachtanais.

“Tá soláthar seirbhísí bus bhaile, ar a bhfuil rochtain ag cách, ina phríomhchuid dár straitéis iompair chun ár mbailte a chur ag bogadh ar bhonn níos fearr. Is é an bus baile an dóigh chun níos mó daoine a iompar chuig a n-áit oibre, chuig a scoil, chuig a gcoláiste nó chuig cúram sláinte, rud atá ina chuidiú le brú tráchta a mhaolú ar shráideanna agus ar bhóithre. Is dea-scéal é sin, dá réir sin, dóibh siúd a shiúlann agus a théann ar rothair agus ciallaíonn sé freisin nach mbíonn daoine a bhíonn orthu a gcarranna a úsáid ina suí san oiread sin tráchta.  

“Mar sin de, is réiteach é atá chun tairbhe do chách. Tá an cineál sin d’aistriú córa iompair ríthábhachtach maidir le fás agus inbhuanaitheacht Leitir Ceanainn. Baineann ríthábhacht leis freisin má táimid chun ár n-uaillmhianta a bhaint amach maidir leis an bhfreagairt don athrú aeráide agus deiseanna forbartha inbhuanaithe a chinntiú dár ndaoine óga, anois agus do na glúnta le teacht.

Rachaimid i dteagmháil leis an bpobal i Leitir Ceanainn maidir le pleananna dá seirbhís bus bhaile

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI: “Chuireamar líonraí bus uirbigh ar fáil i mbailte de mhéideanna agus den éagsúlacht atá cosúil le Leitir Ceanainn in áiteanna eile sa tír agus d’éirigh thar barr leo.  Anois, is seal Leitir Ceanainn atá ann.

“Rachaimid i dteagmháil leis an bpobal i Leitir Ceanainn maidir le pleananna dá seirbhís bus bhaile, rud a bheidh glan, nua-aimseartha, le hastaíochtaí ísle agus lena mbainfidh feithiclí urláir ísil ar a mbeidh rochtain ag cathaoireacha rothaí, ag cinntiú go mbíonn rochtain ar líonra iompair phoiblí TFI dár gcuid ag gach duine a bhfuil fonn air/uirthi é a úsáid.”

Osclófar comhairliúchán poiblí Sheirbhís Bus Bhaile Leitir Ceanainn ag 12 meán lae Dé Céadaoin an 17ú Iúil le haghaidh ceithre seachtaine agus dúnfar é ag meán oíche Dé Céadaoin an 14ú Lúnasa.  Is féidir leat do chuid dearcthaí a chur isteach ar thairseach comhairliúcháin an ÚNI ag: https://consult.nationaltransport.ie/en

Imeacht Faisnéise Poiblí á óstáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall Dé Céadaoin, an 17ú Iúil, ó 3in go 7in ag Óstán Radisson

Chun oscailt chomhairliúchán poiblí an ÚNI a cheiliúradh, beidh Imeacht Faisnéise Poiblí á óstáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall Dé Céadaoin, an 17ú Iúil, ó 3in go 7in ag Óstán Radisson, Leitir Ceanainn. Cuirtear deis iontach ar fáil don phobal leis an imeacht sin chun léargais a fháil ar phleananna iompair an bhaile agus ar thionscnaimh thábhachtacha eile chun nascacht a fheabhsú.

Dúirt Clr. Gerry Mc Monagle, Méara Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn/ Bhaile na nGallóglach:  Mholfainn don phobal chun leas a bhaint as an deis seo chun eolas a fháil faoi raon na dtionscnamh agus na dtionscadal a rachaidh i bhfeidhm ar an dóigh a mbogfaimid thart ar Leitir Ceanainn. Tá do rannpháirteachas sárluachmhar do rath na n-iarrachtaí sin.

Faisnéis, pleananna agus líníochtaí

Beidh faisnéis, pleananna agus líníochtaí maidir le roinnt tionscadal eile ina ngnéithe den imeacht, lena n-áireofar:

  • Scéimeanna Taistil Ghníomhaigh Leitir Ceanainn
  • Faisnéis roimh Phleanáil Chuid 8 maidir le Bóthar Bhaile Mhic Chomhghaill agus Bóthar Bhaile Raithin
  • Mol Iompair
  • TEN-T (gréasán tras-Eorpach iompartha)
  • Seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI a shíneadh

Nótaí:

  • I gClár Seirbhísí Bus Bhaile an ÚNI leagtar amach pleananna le haghaidh Seirbhísí Bus Bhaile a thabhairt isteach i mbailte níos mó. Sainaithníodh suas le 25 bhaile ar fud na hÉireann, áiteanna ina bhfuil tabhairt isteach seirbhísí bus nua nó feabhsaithe á bhreithniú, rud a d’fheadfadh a bheith ina chuidiú le cuspóirí iompair, forbartha agus beartais eacnamaíoch a bhaint amach.
  • Oibrítear Seirbhísí Bus Bhaile faoi láthair i mBaile Átha Luain (an chéad seirbhís bus bhaile uile-leictreach in Éirinn), i gCathair Chill Chainnigh, i mBaile Cheatharlach, i gCluain Meala, i Sligeach, i nDroichead Átha, i mBaile Brigín agus san Uaimh. Tá líonraí cosúla á mbeartú againn i bPort Laoise, in Inis agus sa Mhuileann gCearr.
  • Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2019, rinne paisinéirí thart ar 780,000 turas ar na seirbhísí baile dár gcuid. In 2023, b’ionann an figiúir sin agus 1.3 milliún, agus is é sin méadú 67%.
  • Beidh Imeacht Faisnéise Poiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar siúl Dé Céadaoin, an 17ú Iúil, ó 3in go 7in ag Óstán Radisson, Leitir Ceanainn.