Is eagraíocht ardghluaiseacht shíorathraitheach atá ag dul i méid í an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an Clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompar poiblí nua, chomh maith le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht uileghabhálach í an ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla polasaithe a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:

  • Ailtire ÉG
  • Dlíodóir Tráchtála
  • Bainisteoir Airgeadais – Rialú Airgeadais
  • Bainisteoir Sinsearach Tionscadail – Iarnród
  • Anailíseoir Sonraí IG
  • Bainisteoir Rialú Costais BusConnects
  • Bainisteoir Tionscadail
  • Innealtóir Flíteanna Iompair
  • Cuntasóir Airgeadais
  • Feidhmeannach Sinsearach AD
  • Oifigeach Sinsearach um Thaisteal Níos Cliste
  • Oifigeach Feidhmiúcháin Airgeadais

Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin: Gairmeacha
Dáta deiridh chun iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine 1 Samhain 2024.