Tá Nasc Áitiúil TFI an Chabháin agus Mhuineacháin ag cur seirbhís bus nua ar fáil idir an Cabhán agus Ceanannas chomh fada le Baile Ghib ón 21 Deireadh Fómhair.

Connecting Ireland logoTá an feabhsúchán seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadh ar mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Iompar d’Éirinn (TFI).

 

Bealach 186 ag dul go Ceanannas, Maigh nEalta, an Mullach, Achadh an Iúir, Baile Shéamais Dhuibh agus Carraig an Tobair

Soláthróidh Bealach 186 sé sheirbhís fillte laethúla chomh fada le Ceanannas, lena n-áirítear trí thuras fillte idir an Luan agus an Déardaoin a théann chomh fada le Baile Ghib. Ar an Aoine agus ar an Satharn, beidh ocht sheirbhís fillte laethúla ann, agus beidh ceithre cinn de na seirbhísí sin ag dul chomh fada le Baile Ghib. Chomh maith leis sin, ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Poiblí, beidh trí sheirbhís fillte laethúla á gcur ar fáil ar an mbealach seo, agus beidh siad ar fad ag dul chomh fada le Baile Ghib.

Feabhsóidh an bealach nua seo an nascacht leis na bailte agus leis na sráidbhailte seo a leanas – Ceanannas, Maigh nEalta, an Mullach, Achadh an Iúir, Baile Shéamais Dhuibh agus Carraig an Tobair. Chomh maith leis sin, tairgfidh an bealach nua seo seirbhísí buaic-ama agus tráthnóna do phaisinéirí agus nascacht le Baile an Chabháin, Stáisiún Bus an Chabháin agus seirbhísí bus réigiúnacha.

Nascann an bealach nua Baile Ghib agus Carraig an Tobair leis an ngréasán iompair phoiblí den chéad uair agus tairgeann sé bealach díreach nua idir Baile Shéamais Dhuibh agus an Mullach chomh fada leis an gCabhán.

300 x 300 pixels TFI Local Link enhanced bus service 186 will commence operations on Monday 21st October

Ag labhairt roimh an seoladh, bhí an méid seo a leanas le rá ag Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI an Chabháin agus Mhuineacháin, Padraic Smyth: “Is eol dúinn go raibh éileamh ar an mbealach áirithe seo le tamall maith anuas, agus cúis áthais dúinn go bhfuil an tseirbhís nua seo á cur ar fáil anois mar thoradh ar an gcomhoibriú idir muid féin agus ÚNI. Táimid ag súil go n-éireoidh go breá leis an tseirbhís agus go mbainfidh pobail feadh an bhealaigh tairbhe aisti, agus creidimid go gcabhróidh an cineál seo nascachta leis na pobail sna ceantair seo”.

Tuilleadh Eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais faoin mbealach agus faoin amchlár uait  tabhair cuairt ar www.locallinkcm.ie

Faigh tuilleadh eolais faoin bPlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana um Éire a Nascadh.