Laghdófar astaíochtaí ón iompar poiblí go mór de bharr an aistrithe amach ó bhreoslaí iontaise

Beidh an flít bus oibleagáide seirbhíse poiblí agus an flít iarnróid comaitéireachta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath ina bhflít lánleictreach astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2035, de réir tograí a foilsíodh inniu sa dréacht-Straitéis Iompair athbhreithnithe do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 ón Údarás Náisiúnta Iompair.

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an Straitéis inniu le haghaidh comhairliúchán poiblí. Ceanglaítear ar an Údarás le reacht an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú gach sé bliana agus is é atá sa doiciméad a foilsíodh inniu ná leagan athbhreithnithe den phlean reatha ar ghlac an Rialtas é sa bhliain 2016.

Faoin Straitéis, tiocfaidh méadú mór ar na gáis cheaptha teasa a bhaineann leis an iompar poiblí. Tiocfaidh sé sin chun cinn mar thoradh ar thuilleadh infheistíochta sa DART agus sa Luas, atá comhdhéanta go hiomlán d’fheithiclí lánleictreacha cheana féin, agus mar thoradh ar an aistriú iomlán amach ó bhreoslaí iontaise le haghaidh busanna laistigh de 13 bliana.

Tá astaíochtaí iompair ar an iomlán le titim faoi 51% faoin mbliain 2030 faoin bPlean Gnímh don Aeráid a foilsíodh le déanaí agus faoi 69% thar thréimhse feidhme na Straitéise seo. Mar sin féin, is é an toradh a bheidh ar an bhflít a aistriú chuig flít astaíochtaí nialasacha go rachaidh an t-iompar poiblí é féin níos faide ná na figiúirí sin.

Maidir leis na tograí iompair atá á dtabhairt ar aghaidh againn, lena n-áirítear dlús a chur leis an infheistíocht i mbonneagar siúil agus rothaíochta, laghdóidh siad astaíochtaí gáis ceaptha teasa go mór thar thréimhse feidhme na straitéise seo.

Mar sin féin, beidh tuilleadh beart ag teastáil chun aistriú amach ó thurais faoi chumhacht díosail agus peitril a dhreasú tuilleadh. Chuige sin, tabharfaidh an tÚdarás faoi mheasúnú mionsonraithe ar na bearta sin, go háirithe i réimse na bainistíochta éilimh. Is dóigh go n-áireofar leo sin socruithe nua páirceála, táillí criosacha, dolaí breise agus dolú bóthair, agus tuilleadh leictriúcháin feithiclí.

Tá sé mar aidhm leis an doiciméad don tréimhse 2022-2042 cur leis na gnéithe a soláthraíodh cheana féin faoin Straitéis 2016-2035 agus na gealltanais atá i bhfeidhm cheana féin a athdhearbhú. De bhreis air sin, cuireann sé gnéithe nua agus tionscadail nua léi chun go léireodh sé éabhlóid an chreata beartais náisiúnta ón mbliain 2016 i leith, amhail an Plean Forbartha Náisiúnta agus an Plean Gnímh don Aeráid.

I measc na ngnéithe den Straitéis 2016-2035 a cuireadh i gcrích nó a ndearnadh dul chun cinn suntasach orthu tá:

  • Luas Traschathrach
  • Tollán Pháirc an Fhionnuisce
  • Raonta rothar agus glasbhealaí a chur i bhfeidhm
  • MetroLink
  • An Clár DART+
  • An Clár BusConnects, lena n-áirítear an gréasán nua, croíchonairí bus agus aistriú chuig flít astaíochtaí ísle

I measc na ngnéithe a beartaíodh cheana féin agus atá le cur ar aghaidh tuilleadh agus le soláthar le linn thréimhse feidhme na Straitéise seo tá:

  • Gach gné de BusConnects Bhaile Átha Cliath
  • Tosaíocht mhéadaithe do bhusanna ar chonairí réigiúnacha bus, lena n-áirítear ar bhealaí i dtreo an M50 agus i limistéar foirgnithe na cathrach
  • Plean Ghréasán Rothaíochta Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú agus a bhreisiú
  • Saoráidí ardchaighdeáin do choisithe agus bealaí atá áirithithe do choisithe a sholáthar
  • Ticéadú na Chéad Ghlúine Eile
  • An Luas a shíneadh go Fionnghlas, go Leamhcán, go dtí an Poll Beag agus go Bré
  • 100 km d’iarnród leictrithe faoin gClár DART+
  • MetroLink ón taobh thuaidh de Shord go Charlemont
  • An acmhainn a uasghrádú le haghaidh Líne Ghlas an Luas

Áirítear leis na pleananna nua-bheartaithe sa Straitéis seo:

  • Líne iarnróid nua a sholáthar ó Bhealach na Páirce ar an M3 go dtí an Uaimh;
  • An Clár DART+ a shíneadh chun seirbhísí leictrithe iarnróid a sholáthar go dtí na Solláin/an Nás, Cill Choca, agus Cill Mhantáin
  • 8 gcinn sa bhreis de shíntí ar an Luas / de línte nua Luas a phleanáil agus a dhearadh chun go mbeidh siad réidh le tógáil tar éis na bliana 2042:
  • Luas go Cluain Ghrífín
  • Luas go Baile Ghrífín
  • Luas a shíneadh go Baile an Tirialaigh
  • Luas go Baile Bhlainséir
  • Luas a shíneadh go Cluain Dolcáin
  • Luas go Tamhlacht / Camaigh
  • Luas go Tamhlacht / Cnoc Lín
  • Luas go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath / Áth an Ghainimh (rud a laghdóidh an plódú paisinéirí ar an Líne Ghlas sa todhchaí)”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Níl aon amhras ach go bhfuil daoine ag iarraidh orainne roghanna iompair atá níos fearr agus níos inbhuanaithe a sholáthar i ngach limistéar. Dá bhrí sin, tá sé de dhualgas orainn mar Údarás freagairt don iarraidh sin ar bhealach dearfach. Creidim go bhféadfadh an Straitéis seo bunathrú chun feabhais a bhaint amach ina leith sin.

“I dtuairim an Údaráis Náisiúnta Iompair, is é an chéim aonair is mó is féidir a thógáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide ná a oiread daoine agus is féidir a spreagadh le húsáid a bhaint as iompar poiblí agus as modhanna inbhuanaithe eile, in ionad an chairr phríobháidigh. Tríd is tríd, éascóidh ár Straitéis an méid sin trí infheistiú i seirbhísí agus i mbonneagar san am i láthair agus san am atá le teacht.

“Ní féidir linn é sin a dhéanamh inár n-aonar, áfach. Is dúshlánach a bheidh roinnt de na bearta eile sa doiciméad seo a theastaíonn chun astaíochtaí a laghdú agus, chun iad a dhéanamh, beidh sé riachtanach go rachaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus lear údarás poiblí eile, gníomhaireachtaí eile stáit agus ranna Rialtais i mbun gnímh.

“Ba mhaith linne san Údarás Náisiúnta Iompair ár gcion féin a dhéanamh agus ba mhaith linn ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla. Déanfaimid amhlaidh trínár bhflít iompair phoiblí a aistriú amach ó bhreoslaí iontaise agus i dtreo teicneolaíochtaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha. Tá an próiseas sin ar bun cheana féin agus, nuair a bheidh sé críochnaithe sa bhliain 2035, is é an toradh a bheidh air ná laghdú ollmhór in astaíochtaí ón iompar poiblí.

“Is é atá uainn anois, áfach, ná tuairimí daoine den phobal a fháil. Iarraim ort dul chuig www.nationaltransport.ie chun léamh faoinár dtograí agus chun do thuairimí a chur in iúl. Ba mhaith linn go gcuirfeá do thuairimí in iúl dúinn. Más ann d’aon fheabhsuithe ba cheart dúinn a dhéanamh, dar leat, cuir an méid sin in iúl dúinn. Má cheapann tú gurb ann do rud éigin a d’fhágamar ar lár nó nár thugamar go leor airde air, tá deis agat anois an méid sin a chur in iúl dúinn.

“Is deis uathúil í seo do gach duine dínn le rannchuidiú le todhchaí an réigiúin seo a mhúnlú.”