Sheol Bus Éireann agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) síneadh na seirbhíse Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách chuig Luimneach.
Tugann an tseirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách cabhair do phaisinéirí os cionn 18 mbliana d’aois bhfuil riachtanais bhreise acu chun iompar poiblí a úsáid go neamhspleách. Mar chuid den tseirbhís, taistealaíonn cúntóir TTN leis an bpaisinéir agus tugann siad oiliúint dóibh maidir leis an gcaoi le taisteal go neamhspleách, go dtí go bhfuil siad muiníneach le bheith ag taisteal ina n-aonar.
Tá an tseirbhís saor in aisce agus ar oscailt idir 9am agus 5pm, Luan go hAoine, ach glaoch a chur ar Transport for Ireland ar LoCall 0818 294 015 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig independent.travel@buseireann.ie.
I mBaile Átha Cliath, bainistíonn Bus Átha Cliath an tseirbhís TTN thar ceann an ÚNI agus feidhmíonn an tseirbhís ar gach seirbhís TFI ar fud Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Luas agus DART i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus tá an tseirbhís i bhfeidhm ó 2008.
I gCorcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh, bainistíonn Bus Éireann an tseirbhís TTN thar ceann an ÚNI agus feidhmíonn sí ar sheirbhísí TFI arna n-oibriú ag Iarnród Éireann, seirbhísí Comaitéireachta Chorcaí, Bus Éireann, Cóiste Bhaile Átha Cliath, City Direct agus Nasc Áitiúil TFI.
Dúirt Naomi Rooney, Bainisteoir Inrochtana Iompair: “Tá lúcháir orainn a bheith ag tacú le seirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách a shíneadh chuig Luimneach. Ag an ÚNI, táimid tiomanta chun inrochtaineacht ar iompar poiblí a fheabhsú ar fud an líonra TFI. Le tabhairt isteach na seirbhíse seo i gcathair Luimnigh tá sprioc shuntasach bainte amach againn i dtreo chóras iompair atá go hiomlán inrochtana, rud lena gcuirtear ar chumas gach paisinéir taisteal go neamhspleách agus muinín acu astu féin.”
Allen Parker, Príomhoifigeach Custaiméara le Bus Éireann: “Tá áthas ar Bhus Éireann tacú le síneadh na seirbhíse Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách de chuid TFI i Luimneach. Cabhraíonn an tseirbhís le húsáideoirí taisteal go neamhspleách ar iompar poiblí agus muinín a fháil ar ais nó a chothú chun ár seirbhísí a úsáid, rud lena gcumasaítear iad bualadh le cairde, dul chuig coinní agus na rudaí laethúla uile a bhíonn ag teastáil uathu a dhéanamh. Tá an tseirbhís ag dul ó neart go neart agus tá lúcháir ar Bhus Éireann gur thacaíomar leis an oiread sin paisinéirí agus táimid tiomanta leanúint den tseirbhís bhunriachtanach a chur ar fáil.”
Tá an tseirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách ar cheann de roinnt tionscnamh ar thug an ÚNI fúthu chun inrochtaineacht a fheabhsú maidir le hiompar poiblí in Éirinn. Áirítear leis sin infheistíocht i bhfeithiclí iomlán inrochtana maidir le seirbhísí bus PSO uirbeacha agus le stadanna bus inrochtana.
De réir an Daonáirimh is déanaí, i Mí Aibreáin 2022 i Luimneach, thuairiscigh níos mó ná 47,000 duine (23% de dhaonra an chontae) go bhfuil ar a laghad aon riocht fadtéarmach amháin orthu nó go bhfuil deacracht de chineál ar bith acu.
Thuairiscigh 18,422 duine (9% de dhaonra an chontae) díobh siúd go raibh ar a laghad aon riocht fadtéarmach amháin orthu nó deacracht de chineál éigin nó ceann suntasach acu.
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhairt cuairt ar: Tacaíocht maidir le Taisteal Neamhspleách – Transport for Ireland