Soláthraíonn an “Prepare Me AsIAm” (Ullmhaigh mé MarATáim) uirlisí úsáideacha chun cabhrú le daoine a bhfuil uathachas orthu úsáid a bhaint as seirbhísí iompair phoiblí.

Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Carthanacht Uathachais na hÉireann, AsIAm (MarATáim) feachtas inniu chun an tionscnamh “Prepare Me AsIAm for Public Transport” (Ullmhaigh mé MarATáim le haghaidh Iompar Poiblí) a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm aige sin inrochtaineacht agus éascaíocht úsáide a fheabhsú do dhaoine a bhfuil uathachas orthu agus a dteaghlaigh ar fud Líonra Transport for Ireland.

Tá uathachas ar dhuine as gach cúig dhuine is seasca in Éirinn

De réir AsIAm, (MarATáim) tá uathachas ar dhuine as gach cúig dhuine is seasca in Éirinn agus is minic a úsáideann AsIAm (MarATáim) analach a bhaineann le stáisiún traenach plódaithe i dtír iasachta chun a léiriú conas a bhraitheann an saol do go leor daoine a bhfuil uathachas orthu. Le sraith fuaimeanna agus bolaithe neamhaithnidiúla agus treoracha dothuigthe, bheadh sé éasca d’aon duine a bheith an-chorraithe.

Físeáin teagaisc agus pacáistí gníomhaíochta

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas “Prepare Me AsIAm for Public Transport” (Ullmhaigh Mé MarATáim le hAghaidh Iompar Poiblí) uirlisí cabhracha a sholáthar, lena n-áirítear físeáin teagaisc agus pacáistí gníomhaíochta, do dhaoine a bhfuil uathachas orthu chun cabhrú leo a mbealach féin a dhéanamh trí iompar poiblí in Éirinn.

Tugann na hacmhainní seo timpeallachtaí agus nósanna imeachta iompair isteach, rud a ligeann d’úsáideoirí eolas a fháil roimh ré ar cad ba cheart a bheith ag súil leis ar thurais. Agus acmhainní curtha ar fáil ar líne agus i gcló araon, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh iompar poiblí na hÉireann a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana do dhaoine a bhfuil uathachas orthu, a sholáthraíonn neamhspleáchas agus muinín níos fearr i leith úsáid an líonra.

Is céim mhór i dtreo na hionchuimsitheachta é an tionscnamh ‘Prepare Me As I Am’ (Ullmhaigh Mé MarATáim)

Dúirt Naomi Rooney, Bainisteoir Inrochtaineachta Iompair don ÚNI: “Tá an ÚNI tiomanta do chinntiú go bhfreastalaíonn ár gcóras iompair phoiblí ar gach paisinéir, lena n-áirítear iad siúd i bpobal an uathachais. Is céim mhór i dtreo na hionchuimsitheachta é an tionscnamh ‘Prepare Me As I Am’ (Ullmhaigh Mé MarATáim), ag tabhairt an tacaíocht atá ag teastáil do dhaoine chun a mbealach a dhéanamh go muiníneach agus go compordach trí sheirbhísí iompair phoiblí, rud a dhéanfaidh difríocht do shaol an oiread sin daoine.

Cuireann an tionscnamh leis an rath a bhí ar fheachtas na bliana seo caite agus ar iarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar inrochtaineacht iompair ar fud Líonra Transport For Ireland.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.transportforireland.ie/accessibility/as-i-am/.