Tá sé beartaithe sa Phlean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ 67 gcinn de sheirbhísí bus tuaithe atá nua nó breisithe a sholáthar ar fud na hÉireann i mbliana
Rinne Eamon Ryan TD, an tAire Iompair, agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair an Plean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ don bhliain 2023 a sheoladh i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, inniu.
Agus é seo ar cheann de na pleananna is uaillmhianaí fós don iompar tuaithe, moltar 67 gcinn nua de sheirbhísí bus ‘Éire a Nascadh’ atá nua nó breisithe a sholáthar, agus seirbhísí atá ann cheana á neartú agus níos mó bailte agus bailte fearainn á nascadh ar fud an stáit.
Anuraidh, sholáthair ‘Éire a Nascadh’ 38 gcinn de sheirbhísí bus a bhí nua nó breisithe ar fud contaetha éagsúla, agus seirbhísí nua bus á soláthar do 67 mbaile bhreise. Sa bhliain 2022, infheistíodh €4m, beagnach, i seirbhísí bus ‘Éire a Nascadh’ a sholáthar. I mbliana, áfach, tiocfaidh méadú faoi dhó, go €8.5m, ar an bhfigiúr sin, a soláthróidh an Roinn Iompair agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair é.
Is iad 15 oifig Nasc Áitiúil TFI ar fud na tíre a sholáthraíonn na seirbhísí sin thar ceann an Údaráis Náisiúnta Iompair. Áirítear leo sin Nasc Áitiúil Laoise/Uíbh Fhailí, atá faoi bhainistiú ag Frances Byrne, a d’fhreastail ar an seoladh inniu.
Beidh Bus Éireann ina phríomh-chomhpháirtí i seirbhísí nua ‘Éire a Nascadh’ a sholáthar i mbliana freisin. Tá thart ar 20 ceann de na bealaí a sainaithníodh i bplean cur chun feidhme na bliana 2023 le soláthar ag Bus Éireann i gcontaetha amhail Gaillimh, Port Láirge, an Clár agus Corcaigh.
Táthar ag fáil freagairt an-mhaith ó chustaiméirí do sheirbhísí nua i gceantar tuaithe na hÉireann, agus an líon paisinéirí ar bhusanna ag teacht ar ais chuig na leibhéil a bhíodh ann roimh theacht phaindéim Covid-19. Tá sé sin amhlaidh go háirithe ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI i gceantar tuaithe na hÉireann. B’ionann agus 2.5 milliún turas an líon bliantúil turas paisinéirí don bhliain 2019. Bhí tionchar ollmhór ag paindéim Covid-19 ar an líon paisinéirí sna blianta 2020 agus 2021. Dá ainneoin sin, tháinig méadú ar an líon paisinéirí go 2.8 milliún paisinéir sa bhliain 2022. B’ionann é sin agus téarnamh 112%. Agus é cothrom le breis agus 45,000 paisinéir, bhain an líon seachtainiúil paisinéirí a bhuaic amach le linn seachtainí i mí na Samhna agus mí na Nollag 2022, á dheimhniú go bhfuil fonn ar dhaoine na seirbhísí feabhsaithe breisithe a úsáid.
Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Eamon Ryan: “Ceann de na príomhthosaíochtaí atá agam mar Aire Iompair is ea an t-iompar tuaithe a fheabhsú go mór. Seoladh an Plean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ sa bhliain 2021 agus tá sé ag imirt ról tábhachtach cheana féin i mbailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann agus ag soláthar roghanna nua chun taisteal de bhus do dhaoine.
“Ba mhaith linn anois, áfach, dul níos faide fós agus tógáil ar an rath sin, agus a lán bealaí nua agus breisithe beartaithe don bhliain 2023.
“Is léir go n-úsáidfidh daoine na seirbhísí má chuirtear ar fáil iad. Is eol dúinn ó staitisticí na bliana seo caite go bhfreagraíonn daoine ar bhealach dearfach do bhealaí agus seirbhísí nua, agus ár dtáillí nua níos saoire mar thaca leo. Tá daoine óga go háirithe ag tosú ar iompar poiblí a úsáid agus is rud iontach é sin. Tá an t-iompar poiblí níos áisiúla, níos sorochtana agus níos minice ná a bhíodh sé. Chomh maith leis sin, tá sé níos saoire ná feithicil a thiomáint agus íoc as áit pháirceála ar fud an lae in aice an choláiste nó na scoile. Ina theannta sin, dá mhéad duine a roghnaíonn iompar poiblí a úsáid is ea is fearr dár gcomhshaol. Beidh an t-iompar poiblí, i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha araon, ina thoisc thábhachtach taobh thiar dár spriocanna astaíochtaí a bheith á gcomhlíonadh ag Éirinn.”
Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Tá bród ar an Údarás Náisiúnta Iompair as an bPlean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ uainn a sheoladh lena chur chun feidhme sa bhliain 2023, ar dá bharr a sholáthrófar rochtain níos fearr ar sheirbhísí bus a bheidh sábháilte, iontaofa agus níos minice agus a nascfaidh bailte agus sráidbhailte.
“Tá an tÚdarás ag leanúint lena chuid oibre ar fheabhas a chur ar sheirbhísí bus tuaithe trí limistéir a dteastaíonn seirbhísí breise uathu a shainaithint, agus táimid tiomanta do leanúint le nascacht agus soghluaisteacht a fhorbairt i limistéir thuaithe trí sheirbhísí bus atá nua nó breisithe a chur i bhfeidhm de réir a chéile i mbliana agus sna blianta atá le teacht.”
Mar thionscnamh de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, is é is an Plean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ ann ná clár uaillmhianach feabhsuithe a bhfuil mar aidhm leis gréasán iompair phoiblí níos comhtháite, níos sorochtana agus níos inbhuanaithe a chruthú do cheantar tuaithe na hÉireann.
Tá an Plean ‘Éire a Nascadh’ ag leanúint le tionchar dearfach suntasach a bheith aige ar phobail tuaithe trí rochtain a thabhairt do dhaoine ar sheirbhísí bus iompair phoiblí ardmhinicíochta agus trí láithreacha a nascadh chuig seirbhísí réigiúnacha eile bus agus iarnróid a soláthraíonn TFI iad.
Áirítear na nithe seo a leanas leis na cúiseanna ar tháinig fás ar an líon paisinéirí ar sheirbhísí iompair phoiblí Nasc Áitiúil:
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: Connecting-Ireland-Phase-2-Implementation-Plan-2023
Áirítear na bealaí seo a leanas leis an liosta de na bealaí nua agus breisithe atá beartaithe faoin bPlean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ don bhliain 2023:
Uimhir Bhealaigh | Tuairisc ar an mBealach |
897 | Cill Chainnigh – Caisleán an Chomair – Ceatharlach – Baile Átha Í |
188 | Baile Átha Buí – Droichead Átha tríd an Uaimh agus trí Dhamhliag |
384 | Inis Córthaidh – Loch Garman |
887 | Ceatharlach – Ros Mhic Thriúin |
232 | Sunda Baoi – Cill Chrócháin |
438 | Tuaim – Áth Cinn – Cor an Dola – Gaillimh |
276 | Caisleán na Mainge – An Daingean Thuaidh |
277 | An Daingean – Dún Chaoin |
426 | An Longfort – Ros Comáin |
978 | Béal an Mhuirthead – Caisleán an Bharraigh |
356 | Dún Garbhán – Cluain Meala |
387 | Baile Loch Garman – Calafort Ros Láir trí Thrá Ros Láir |
272 | Trá Lí – Baile an Bhuinneánaigh |
279 | Trá Lí – Cill Airne |
423 | An Clochán – Cathair na Mart |
139 | An Nás – Baile Bhlainséir |
171 | Searcóg – Dún Dealgan |
547 | Port Omna – Béal Átha na Sluaighe |
274 | Tairbeart – Trá Lí |
280 | Mórchuaird Chiarraí (an leath thuaidh) |
281 | Mórchuaird Chiarraí (an leath theas) |
– | Cathair Saidhbhín – Baile an Ridire |
129 | Cill Chuillinn – Droichead Nua |
885 | Na Solláin – Bealach Conglais |
834 | Ros Cré – Port Laoise |
850 | Ros Cré – Baile Átha Luain |
– | Cill Rois – Ceann Léime |
344 | Inis – An Geata Bán |
819 | An Muileann gCearr – Baile Átha Luain trí Bhaile Chaisleán na nGeochagán |
189 | An Bóthar Buí – An Uaimh |
454 | Béal an Átha – Caisleán an Bharraigh |
322 | Port Omna – An tAonach |
854 | An tAonach – Ros Cré |
357 | Eochaill – Dún Garbhán tríd an mBaile Nua |
361 | Eochaill – Dún Garbhán trí Aird Mhór |
388 | Loch Garman – Baile an Droichid |
243 | Áth Trasna – Corcaigh |
424 | An Cheathrú Rua – Gaillimh |
331 | Baile Uí Bheacháin – Inis |
329 | Luimneach – Cill Fhíonáin |
270 | An Sciobairín – Cill Airne |
170 | An Cabhán – Dún Dealgan |
354 | Port Lách – Dún Mór – Carraig na Siúire |
132 | Bun Clóidí – Baile Átha Cliath |
– | Maigh Chromtha – Corcaigh |
333 | Cill Chaoi – Inis trí Shráid na Cathrach |
– | Inis – Gaillimh |
360 | Trá Mhór – Port Láirge |
– | Loch Garman – Port Láirge |
– | Cathair na Mart – Baile Átha Luain |
– | Coill an Chollaigh – Muinchille |
– | Gaillimh – An Creagán |
– | An Cabhán – Ceanannas – Baile Ghib |
– | Muinchille – Searcóg – Coill an Chollaigh – Achadh an Iúir |
– | Cluain Eois – An tIúr |
– | Mala – Mainistir Fhear Maí – Lios Mór |
– | Sligeach – An Cabhán |
– | Bun an Phobail – Túr Chionn Mhálanna |
– | Carn Domhnach – Bun Cranncha |
– | Caisleán Ghriaire – An Fhianait |
888 | Baile Átha Í – Ráth Iomgháin – Cill Dara |
– | Maighean Rátha – Ceatharlach |
– | Baile Átha Luain – An tAonach – Luimneach |
– | Corcaigh – Droichead na Bandan |
– | An tAonach – Luimneach |
446 | Béal an Mhuirthead – Béal an Átha |
– | Dún na Séad – Bréantrá |