Athruithe móra ag teacht chuig seirbhísí bus Bhaile Shligigh.

Ó mhochóirí go hairneánaigh
tá rud éigin ar fáil againn do chách ag tosú an 2 Feabhra.

  • Bealach Bus S3 (Nua) – Fionasclainn Thiar go Bóthar Markievicz
    • Bealach bus nua gach uair a chloig.
  • Bealach Bus S2 – Cnoc na Trá agus an Ros
    • Stadanna nua ag Promanáid an Rois agus Oileán na nOisrí.
  • Bealach Bus S1 – Bóthar Markievicz go Bóthar na gCarn
    • Turais tráthnóna curtha leis ó 6:30pm go meán oíche.

Sligo bus town services box banner 400x300

Seoladh

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), i gcomhar le Bus Éireann, ag seoladh an Bhealaigh S3 nua mar chuid den síneadh ar Sheirbhís Bus Bhaile Shligigh.

Bealach S3 nua idir Bóthar Markievicz agus Fionasclainn

Ag tosú Dé Domhnaigh, an 2 Feabhra, bainfidh paisinéirí leas as an mbealach nua S3, a oibreoidh gach uair a chloig idir Bóthar Markievicz agus Fionasclainn, seacht lá sa tseachtain. Beidh seacht dturas déag sa lá á dtairiscint ag an tseirbhís Ó Luan go Satharn agus cúig thuras déag sa lá ar an Domhnach. Tá sé mar aidhm ag an S3 nascacht a fheabhsú do chomaitéirí ag taisteal chun oibre, oideachais, fóillíochta agus nasc ar aghaidh ar bhus nó ar iarnród.

Beidh feabhsuithe suntasacha le feiceáil ar S1 agus S2 chun seirbhís a chur ar fáil idir an Cartún agus Bóthar na gCarn agus idir Cnoc na Trá agus an Ros

Chomh maith leis an mBealach S3 nua, beidh feabhsuithe suntasacha le feiceáil ag paisinéirí ar bhealaí reatha S1 agus S2.

Cuimseofar seirbhísí tráthnóna i mBealach S1 anois, a oibríonn idir an Cartún agus Bóthar na gCarn, gach uair a chloig ó 18:30 go meán oíche seacht lá sa tseachtain. Tá dhá stad nua curtha leis ag Cnocán an Chuilinn agus ag Clarion Village, rud a chuirfidh feabhas ar rochtain ar ATU Shligigh agus ar an gceantar mórthimpeall.

Leanfaidh Bealach S2, a nascann Cnoc na Trá agus an Ros, bealach leasaithe a bhfuil stadanna nua ann ag Promanáid an Rois, Oileán na nOisrí agus stad breise ag Sráid an Fhíona (ó Chnoc na Trá go dtí an Ros).

Tá ÚNI agus Bus Éireann tiomanta chun a áirithiú go bhfuil Seirbhís Bus Bhaile Shligigh go hiomlán inrochtaineach, rud lena gcuirtear rogha iompair áisiúil agus iontaofa ar fáil do gach ball den phobal agus atá mar bhonn faoinár dtuairim gur cheart go mbeadh iompar poiblí inrochtaineacht do chách.

Seolfar Seirbhís S3 an 2 Feabhra

Léiríonn an tairiscint iompair phoiblí fheabhsaithe tiomantas ÚNI agus Bhus Éireann do thacaíocht a thabhairt d’fhás réigiúnach, inbhuanaitheacht agus nascacht an phobail. Cé go seolfar an tseirbhís S3 ar an 2 Feabhra, beidh tuilleadh oibreacha bonneagair ag teastáil agus iarrtar ar an bpobal le bheith foighneach go dtí go gcuirfear na hoibreacha i gcrích.

Rochtain ar oideachas, obair, fóillíocht agus naisc ar aghaidh a éascú do dhaoine i Sligeach

“Tá lúcháir ar Bhus Éireann na seirbhísí feabhsaithe sin a thabhairt isteach i Sligeach, rud a mhéadóidh go mór roghanna iompair do phaisinéirí sa réigiún,” arsa Brian Connolly, Bus Éireann, Bainisteoir Réigiúnach Sinsearach, Thiar. “Beidh tionchar dearfach ag na feabhsuithe sin go háirithe ar dhaoine a bhíonn ag taisteal go lár an bhaile chun oibre, fóillíochta, sláinte agus oideachais. Tá na nuashonruithe sin mar thoradh ar chomhoibriú láidir idir ÚNI agus Bus Éireann chun nascacht ar fud na tíre a fheabhsú agus chun seirbhís bus atá inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaitheach a sholáthar do phobail ar fud na hÉireann, rud a chuirfidh feabhas ar an saol.”

Ag labhairt faoin seoladh, dúirt Jeremy Ryan, Stiúrthóir ar Sheirbhísí Iompair Phoiblí, ÚNI: “Tá bród orainn tacú le síneadh seirbhíse bus Bhaile Shligigh leis na bealaí nua agus feabhsaithe sin. Tá feabhsú ar roghanna iompair phoiblí lárnach dár misean chun réitigh inbhuanaitheacha soghluaisteachta a sholáthar do chách. Leis na nuashonruithe sin, beidh sé níos éasca do dhaoine i Sligeach rochtain a fháil ar oideachas, obair, fóillíocht agus naisc ar aghaidh agus ag an am céanna laghdófar lorg carbóin an réigiúin.”

Tuilleadh Eolais

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Seirbhís Bus Bhaile Shligigh, amchláir agus léarscáileanna nuashonraithe san áireamh, tabhair cuairt ar: Bus Éireann: Seirbhísí Bus Bhaile Shligigh