Inniu, d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) torthaí a shuirbhé bhliantúil ar Shástacht Custaiméirí don bhliain 2024.

Níos mó ná 90% sásta lena dturas TFI is déanaí

Léiríonn an suirbhé go raibh dearcadh dearfach ag níos mó ná ochtar as deichniúr a ndearnadh suirbhé orthu i leith líonra iompair phoiblí Transport for Ireland (TFI). As an líon sin, bhí 39% an-sásta, agus 43% eile measartha sásta le seirbhísí TFI.

Tá na figiúirí níos airde nuair a ceistíodh paisinéirí faoina dturas Transport for Ireland is déanaí, le 54% an-sásta lena dturas is déanaí agus 38% measartha sásta.

Ó 6,000 + paisinéir, tá 90% sásta le luach ar airgead; Mothaíonn 94% díobh sábháilte ar bord agus ag taisteal chuig/ó stadanna

Ghlac breis is sé mhíle paisinéir páirt sa Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí thar dhátaí sa dara leath den bhliain seo caite.

Tá ceathrar as gach cúigear paisinéir sásta le hiontaofacht, glaineacht agus compord na seirbhíse iompair phoiblí a úsáideann siad. Agus dúirt 94% de na paisinéirí gur mhothaigh siad sábháilte ar bord agus ag taisteal chuig stadanna agus uathu.

Bhí an sásamh le luach ar airgead an-ard le 90% de na freagróirí an-sásta nó measartha sásta.

Fuarthas amach sa suirbhé freisin go n-úsáideann 41% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu iompar poiblí gach lá, agus úsáideann 30% é idir dhá agus ceithre lá in aghaidh na seachtaine.

Nuair a iarradh réimsí molta chun seirbhísí TFI a fheabhsú, bhí poncúlacht agus minicíocht feabhsaithe i measc na bpríomh-mholtaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach Tuarascáil Sásaimh Custaiméirí 2024 TFI