Tá Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim ag cur feabhas ar sheirbhísí bus idir Ailt an Chorráin agus Leitir Ceanainn ón 14 Deireadh Fómhair.

Connecting Ireland logoTá an feabhsúchán seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadh ar mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Iompar d’Éirinn (TFI).

Bealach 971 ag cur feabhas ar sheirbhísí bus chuig An Chlocháin Liath, Loch an Iúir, Croithlí, Dún Lúiche, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Cnoc an Teampaill

Feidhmeoidh Bealach 971, ar a dtugtaí Bealach 271 roimhe seo, suas le hocht seirbhís fillte laethúil ó Luan go Domhnach. Soláthróidh an bealach nascacht fheabhsaithe chuig sráidbhailte agus ceantair An Chlocháin Liath, Loch an Iúir, Croithlí, Dún Lúiche, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Cnoc an Teampaill.

Soláthróidh an bealach feabhsaithe seirbhísí buaic-ama agus tráthnóna do phaisinéirí, chomh maith le nascacht fheabhsaithe le seirbhísí réigiúnacha bus agus seirbhísí farantóireachta in Ailt an Chorráin.

Rochtain a sholáthar do chónaitheoirí áitiúla ar dheiseanna oideachais, fostaíochta, sláinte, sóisialta agus áineasa

Agus í ag labhairt roimh an seoladh, dúirt Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim, Fiona O’Shea: Tá lúcháir orainn an tseirbhís fheabhsaithe seo a rolladh amach i nDún na nGall, faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadh de chuid an ÚNI. Beidh méadú ar mhinicíocht laethúil Bealach 971 (271 roimhe seo), atá ag feidhmiú le roinnt blianta anuas, mar aon le seirbhísí tráthnóna ó Luan go Domhnach, a mbeidh fáilte mhór roimhe ag na pobail áitiúla feadh an bhealaigh. Leanann an tseirbhís seo le rochtain a sholáthar do chónaitheoirí áitiúla ar dheiseanna oideachais, fostaíochta, sláinte, sóisialta agus áineasa agus taisteal ar aghaidh ó mhaidin go déanach sa tráthnóna.

Tuilleadh Eolais (Bealach 971, ar a dtugtaí Bealach 271 )

Le haghaidh faisnéis bealaigh agus tráthchláir, tabhair cuairt ar www.locallinkdsl.ie

Foghlaim tuilleadh faoin bPlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana um Éire a Nascadh.

TFi Local link Donegal Sligo Leitrim