Tá flít de rothair leictreacha á nochtadh ag An Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu i gCorcaigh mar chuid den scéim TFI Bikes, rud ar céim shuntasach é i dtreo roghanna iompair inbhuanaithe agus inrochtana a fheabhsú sa chathair.

TFI Bike: córas áisiúil féinseirbhíse rothar ar cíos TFI Bike share logo green

Is córas áisiúil féinseirbhíse rothar ar cíos é TFI Bikes atá ar fáil do dhaoine 14 bliana d’aois agus níos sine a bhfuil mar sé aidhm aige roghanna inbhuanaithe agus inrochtana a fheabhsú i gcathracha réigiúnacha.

Is féidir le cónaitheoirí agus le cuairteoirí araon rochtain éasca a fháil ar rothair le haghaidh comaitéireachta, imeachtaí sóisialta nó turasóireachta a bhuí le stáisiúin suite go straitéiseach ar fud na cathrach. Tá gach stáisiún TFI Bikes feistithe le críochfort agus seastáin lena gcuirtear rothair faoi ghlas agus lenar féidir rothair a fháil ar cíos. Is féidir rothair a thabhairt ar ais go háisiúil ag stáisiún ar bith laistigh den chathair.

Timpeall 100 rothar leictreach nua

Beidh na rothair leictreacha ar tugadh isteach le déanaí iad ar fáil tríd an Aip TFI Bike, rud a chuireann gnéithe tábhachtacha ar fáil d’úsáideoirí, amhail:

  • suíomhanna na stáisiún,
  • soláthar rothar agus seastán,
  • pleanáil bhealaigh,
  • agus bainistiú cuntais.

Leanfaidh na rothair leictreacha an struchtúr táille reatha de chuid TFI Bikes, lena n-áirítear ballraíocht, síntiús agus táillí cíosa. Cuirfear timpeall 100 rothar leictreacha chun feidhme i gcéimeanna, rud a chuirfidh rogha taistil éifeachtúil éiceabhách ar fud Chorcaí ar fáil d’úsáideoirí.

Rogha taistil éifeachtúil éiceabhách ar fud Chorcaí.

Is céim thábhachtach é seoladh rothar leictreach i gCorcaigh chun roghanna taistil inbhuanaithe a fhorbairt i gcomhair cónaitheoirí agus cuairteoirí,” arsa Andreas Saul Rotne, Bainisteoir Sinsearach Tionscadail leis an ÚNI. “De bharr go bhfuil rothair leictreacha á n-imeascadh againn sa scéim TFI Bikes, beidh sé níos éasca do dhaoine roghanna iompair ghníomhaigh astaíochta ísle a roghnú dá dturais laethúla.

Tuilleadh faisnéise agus pleananna lena leathnú

Tá pleananna á bhfógairt ag an ÚNI an tionscnamh rothar leictreach de chuid TFI (TFI Bikes) a leathnú chuig Port Láirge, Luimneach agus Gaillimh sna míonna amach romhainn, rud lena dtreisítear a ghealltanas roghanna taistil ghníomhaigh a fheabhsú le haghaidh úsáideoirí ar fud na tíre.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar an suíomh gréasáin maidir leis an scéim TFI Bikes