4,000 teaghlach chun sonraí a sholáthar chun forbairtí iompair poiblí na todhchaí a mhúnlú

Cuirfidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) tús le hobair ar an Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh (SNTT) 2024 ar an Déardaoin seo 12 Meán Fómhair.

Staidéar ar nósanna taistil na hÉireann

Is staidéar ar nósanna taistil na hÉireann, déanta ar bhonn náisiúnta, é an suirbhé, atá deartha chun staitisticí riachtanacha a sholáthar don ÚNI chun cabhrú leo maidir lenár líonra iompair poiblí a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais an daonra.

Choimisiúnaigh an ÚNI Ipsos B&A chun an suirbhé 2024 a dhéanamh agus déanfar teagmháil le 4,000 teaghlach ar fud na hÉireann ar an bhfón idir lár Mheán Fómhair agus go luath i mí na Nollag chun páirt a ghlacadh.

Seo an cúigiú Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh, a rinneadh ar dtús in 2012.

Roghnófar teaghlaigh

Roghnófar teaghlaigh le diailiú digití randamacha d’uimhreacha teileafóin (fón póca agus líne thalún). Déanfaidh ionadaithe Ipsos B&A teagmháil leis na teaghlaigh roghnaithe. Iarrfar orthu ceistiúchán teaghlaigh agus dialann taistil a líonadh agus iad siúd a chur ar ais sa phost. Cuimseoidh na ceisteanna topaicí lena n-airítear líon na dturais, bunús an turais agus ceann scríbe agus an modh taistil ar úsáideadh.

An t-eolas a úsáid chun seirbhísí iompair poiblí  a phleanáil

Dúirt Anne Graham, POF an ÚNI: “Tabharfaidh na sonraí léargas dúinn ar na nósanna taistil is déanaí i mbailte agus bailte fearainn ar fud na tíre agus is féidir linn an t-eolas seo a úsáid chun seirbhísí iompair poiblí agus bonneagar feabhsaithe a phleanáil agus a chur i bhfeidhm dár bpobal sa todhchaí.”

“Déantar an suirbhé ar bhonn bliantúil agus tá tacaíocht aige ón mBeartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe an Rialtais agus ón bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024. Má théann Ipsos B&A i dteagmháil leat ar ár son, spreagfainn duit páirt a ghlacadh sa suirbhé agus do thuairimí a thabhairt chun todhchaí líonra iompair poiblí na hÉireann a mhúnlú.

Dúirt Damian Loscher ó Ipsos B&A:Táimid sásta le bheith ag obair leis an ÚNI arís chun an Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh 2024 a dhéanamh. Tá na sonraí an-tábhachtach don ÚNI, agus ghlac an pobal go dearfach leis an gcuireadh chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh taighde suntasach seo.”

Tá foireann Ipsos B&A an-oilte i mbailiú sonraí agus tá na sonraí uile dí-ainmnithe roimh anailís, ag teacht le dea-chleachtas taobh istigh den tionscal taighde suirbhé.”