Chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) tús lena chéad Straitéis Inbhuanaitheachta (2024-2030) inniu, rud a tharraingíonn aird ar thiomantas na heagraíochta chun:

  • cleachtais inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn go náisiúnta san earnáil iompair, agus;
  • a gcuid astaíochtaí carbóin féin a laghdú faoi 51% ag leibhéal corparáideach roimh 2030.

Seachain agus Laghdaigh, Aistrigh chuig Inbhuanaithe, agus Feabhsaigh Éifeachtacht Fuinnimh

Tagann straitéis Inbhuanaitheachta ÚNI le beartais náisiúnta agus le prionsabail idirnáisiúnta inbhuanaitheachta, agus cuirtear béim sa straitéis ar thrí sprioc ar leith: Seachain agus Laghdaigh, Aistrigh chuig Inbhuanaithe, agus Feabhsaigh Éifeachtacht Fuinnimh.

Mar threoir ag Straitéis Inbhuanaitheachta ÚNI tá beartais náisiúnta, mar shampla Ráiteas Straitéise 2023-2025 na Roinne Iompair agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, agus beartais idirnáisiúnta inbhuanaitheachta, lena n-airítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe agus reachtaíocht inbhuanaitheachta an Aontais Eorpaigh. Trí ailíniú leis na frámaí sin, is í aidhm ÚNI tairbhe a dhéanamh do thodhchaí níos inbhuanaithe do chách.

Is í aidhm ÚNI feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na n-oibríochtaí iompair poiblí

Chun an gá le taisteal a sheachaint agus ídiú acmhainní a laghdú, tá sé i gceist ag ÚNI comhtháthú feabhsaithe idir úsáid talún agus pleanáil iompair a chur chun cinn, agus bearta bainistithe éilimh éifeachtacha maidir le hiompar a chur i bhfeidhm. Spreagfaidh leathnú ar bhonneagar taistil ghníomhaigh agus forbairt ar sheirbhísí traenacha, tram agus bus aistriú chuig modhanna taistil inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, is í aidhm ÚNI feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na n-oibríochtaí iompair poiblí, aistriú an fhlít iompair phoiblí ina fheithiclí astaíochtaí ísle agus nialasacha a chur ar aghaidh, agus úsáid fuinnimh agus breoslaí inbhuanaithe a mhéadú.

Aithnítear sa Straitéis freisin bearta a ghlacfaidh ÚNI maidir le bheith níos inbhuanaithe ar an leibhéal eagraíochtúil. Áirítear leis sin leanúint leis an soláthar páirceála do bheagán carranna ag ár n-oifigí, ídiú fuinnimh corparáideach a laghdú faoi 50% agus úsáid iompair inbhuanaithe le haghaidh taisteal gnó a chur chun cinn.

Chun dul chun cinn a spreagadh, bhunaigh ÚNI Foireann Ghlas, foireann ina bhfuil baill ó laistigh den eagraíocht, atá tiomanta do chleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus tionscnaimh timpeallachta inghníomhaithe a chur ar aghaidh. Díreoidh an fhoireann sin a haird ar inbhuanaitheacht a chomhtháthú in oibríochtaí laethúla ÚNI, deiseanna a aithint chun lorg carbóin na heagraíochta a laghdú, agus cultúr de fhreagracht chomhshaoil a chothú. Trí leas a bhaint as saineolas agus tiomantas a gcuid ball, is í aidhm na Foirne Glaise cur le spriocanna inbhuanaitheachta fadtéarmacha ÚNI agus athrú dearfach a spreagadh ar fud na heagraíochta.

Déanfar monatóireacht rialta ar Straitéis Inbhuanaitheachta ÚNI agus ullmhófar nuashonruithe ar dhul chun cinn ag deireadh gach ceathrún. Déanfaidh na páirtithe leasmhara tábhachtacha athbhreithniú ar na nuashonruithe sin, lena n-airítear an Fhoireann Ardbhainistíochta, Bord ÚNI, agus an Roinn Iompair, rud a cheadóidh idirghabháil thráthúil más gá.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Straitéis Inbhuanaitheachta ÚNI agus faoina thiomantas don troid in aghaidh an athraithe aeráide, tabhair cuairt ar  NTA Sustainability Strategy (2024-2030) – an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI)