Pleanáil d’aistear bus trínár bPleanálaí Turais TFI. Úsáid Aip TFI Live le teacht ar nuashonruithe beo agus ar fhaisnéis fíor-ama. Is féidir teacht ar amchláir trínár suíomh gréasáin.
Bealach tapa agus éasca é Cárta Leap TFI le híoc as seirbhísí bus ar bhealaí bainteacha ar fud ghréasán iompair phoiblí TFI. Cuireann Cárta Leap TFI táillí ar fáil atá 30% níos saoire ná táillí singil airgid thirim, agus is féidir leat tairbhe a bhaint as Táille 90 Nóiméad TFI agus as uasteorannú táillí.
Oibríonn Bus Éireann breis agus 250 bealach agus cuireann siad seirbhísí iompair phoiblí ar fáil i gcathracha agus i mbailte, agus cuireann siad seirbhísí bus comaitéireachta agus idirchathrach ar fáil fud fad na tíre. Freastalaíonn Seirbhísí Comaitéireachta Bhus Éireann ar chinn scríbe lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Sligeach agus Port Láirge, anuas ar áiseanna móra gnó timpeall na tíre. Cuireann a seirbhísí ó bhaile go baile naisc iompair phoiblí ar fáil le ceantair thuaithe. Oibrítear bealaí Bhus Éireann i ngach réigiún in Éirinn agus tá siad mar chuid de ghréasán Transport for Ireland, ina gcuimsítear freisin Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland agus Nasc Áitiúil TFI.
Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.buseireann.ie.
Cuireann Bus Átha Cliath breis agus 136 bealach éagsúil ar fáil sa réigiún ón gCaisleán Nua i gContae Chill Mhantáin ó dheas, go Baile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus siar go Maigh Nuad i gContae Chill Dara. Oibríonn an 2,500+ tiománaí atá fostaithe ag Bus Átha Cliath flít 1,010 bus ina bhfuil urlár íseal agus atá inrochtana do chathaoireacha rothaí agus atá go hiomlán cumasaithe ó thaobh Wi-Fi.
Oibríonn Bus Átha Cliath an tseirbhís oíche Nitelink, a chuireann dhá bhealach déag ar fáil gach oíche Aoine agus Shathairn. Cuireann an tseirbhís seo lena seirbhísí 24 uair an chloig (Bealaí 15, 39a, 41, C1, C2, C5, C6, G1, G2 agus an N4 ina measc), a oibrítear seacht lá sa tseachtain i measc deich mbealach.
Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.dublinbus.ie.
Ceanglaíonn seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI pobail ar fud na tuaithe in Éirinn mar chuid de Ghréasán Iompair Phoiblí TFI. Cruthaíonn siad gréasán seirbhísí bus inacmhainne do gach duine ar mian leo taisteal go dtí nó ó bhailte agus sráidbhailte áitiúla. Tá dhá shaghas seirbhís Nasc Áitiúil ann: Gnáthsheirbhísí Bus Tuaithe agus Seirbhísí Bus ó Dhoras go Doras.
Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar : Nasc Áitiúil TFI.
Soláthraí iompair phoiblí é Go-Ahead Ireland (GAI) a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil acu faoi chonradh don Údarás Náisiúnta Iompair ó Mheán Fómhair 2018. Tá 33 bealach, ar an iomlán, á n-oibriú ag Go-Ahead Ireland faoi láthair.
Oibrítear seirbhísí Limistéar Bruach-Chathrach Bhaile Átha Cliath (ODMA) agus W-Bhealach ón iosta i mBaile an Mhóta, agus tá seirbhísí Comaitéireachta Bhaile Átha Cliath (DCOM), ina bhfuil cúig bhealach, bunaithe sa Nás. Tá líon carnach breis agus 225 bus ag flít Go-Ahead Ireland agus tá foireann breis agus 800 ball foirne áitiúil acu.
Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.goaheadireland.ie
Oibríonn Andrew Wharton Coach Hire Bealach 975 thar ceann Transport for Ireland. Freastalaíonn an bealach seo ar gCabhán, Cros Domhnaigh, Ármhach, Droim Lis agus an Longfort. Is féidir Cárta Leap a úsáid ar an tseirbhís seo.
Chun teacht ar bhreis eolais, féach anseo: Bealach 975 An Cabhán Go Longfort.
Oibríonn JJ Kavanagh Bealach 139 thar ceann Transport for Ireland. Freastalaíonn an bealach seo ar an Nás, na Solláin, Claonadh, Ráth Chofaigh, Maigh Nuad, Léim an Bhradáin, Ongar agus Baile Bhlainséir. Is féidir Cárta Leap a úsáid ar an tseirbhís seo.
Chun teacht ar bhreis eolais, féach anseo, le do thoil: Bealach 139 An Nás Go Baile Bhlainséir.
Oibríonn Finnegan Bray Bealaí 143 agus 144 thar ceann Transport for Ireland. Freastalaíonn na bealaí seo ar Bhré, Seanchill, Baile Uí Lachnáin, an Baile Breac, Cábán tSíle, Carraig an tSionnaigh agus Áth an Ghainimh.
Chun teacht ar bhreis eolais, féach anseo, le do thoil. Bealach 143 and 144
Oibríonn City Direct Seirbhísí Bus Chill Chainnigh thar ceann TFI
Oibríonn City Direct dhá bhealach i gCathair Chill Chainnigh thar ceann Transport for Ireland.
Chun teacht ar bhreis eolais, féach ar Seirbhísí Chathair Chill Chainnigh, le do thoil.
Chun teacht ar bhreis eolais ar Athdhearadh Ghréasán Bhaile Átha Cliath, féach ar BusConnects Dublin Network Redesign, le do thoil