Tá na táillí ar Líne Dhearg agus ar Líne Ghlas LUAS bunaithe ar chriosanna. Is féidir ticéid shingile agus ticéid fillte a cheannach i bhfoirm páipéir ag meaisíní ticéid LUAS nó is féidir leat do chárta Leap TFI a úsáid agus suim airgid suas go 29% a shábháil. Is féidir leat tuilleadh airgid fós a shábháil trí úsáid a bhaint as Teorannú Táillí agus as Lascaine Leap 90.
Tá an Pas Saorthaistil bailí ar gach seirbhís agus is féidir le leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois taisteal saor in aisce.
Tabhair cuairt ar Taxsaver.ie chun eolas a fháil faoi thicéid mhíosúla agus faoi thicéid bhliantúla.
Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar láithreán gréasáin LUAS.