Beartas Rochtain ar an Luas | Comhlíontacht Táille agus an Saorthaisteal | Ag Dul Ar An Luas
Cúnaimh Taistil | Cárta JAM (Nóiméad Amháin) | Lagú Radhairc | Lagú Éisteachta
Paisinéirí atá ag brath ar Chathaoireacha Rotha | Scútair Soghluaiseachta | Paisinéirí a bhfuil Madraí Cúnaimh acu
Paisinéirí a bhfuil Bugaithe Leanaí acu | Faisnéis Taistil | Stadanna Luas
Rochtain ag Stadanna Luas | Ag Imeacht ón Luas | Áiseanna Páirceála
Cabhraigh linn Iompar do Chách a Sholáthar | Gearán a Dhéanamh
Tá sé mar sprioc ag Luas seirbhís chairdiúil, éifeachtach, chompordach agus shábháilte a chuir ar fáil do gach custaiméir.
Bíonn roinnt custaiméirí faoi mhíchumas nach bhfuil feiceálach anois is arís; is féidir le cuid mhór difríochtaí a bheith ann idir an tionchar a bhíonn ar dhaoine a bhfuil riocht faoi leith orthu, idir deacrachtaí éadroma agus deacrachtaí tromchúiseacha. Bíonn tionchar ag timpeallacht an duine, lena n-áirítear na tacaíochtaí atá acu agus na bacainní fisiciúla nó sóisialta atá rompu, ar scála na ndúshlán atá rompu sa saol laethúil, mar sin bíonn cúram agus aird sa bhreis de dhíth ar roinnt paisinéirí.
Tá an oifig phoiblí suite ag Iosta Luas na Bó Deirge, Bóthar an Náis, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22 C5P3 agus tá sí go hiomlán inrochtana.
Le haghaidh eolais nó iarratais i gcló mór déan teagmháil lenar nIonad Seirbhísí Custaiméara Luas ar 0818 294 015 (má tá tú lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110 (7am – 7pm i rith na Seachtaine, 8am – 6pm Dé Sathairn, 10am – 6pm Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Poiblí)
Tá sonraí maidir le tionscnaimh rochtain ar an Luas le fáil thíos.
Nuair a thugann paisinéirí faoi mhíchumas faoi thuras, bíonn na hionchais chéanna acu le baill eile den phobal. Cuireann Luas riachtanais inrochtaineachta na bpaisinéirí uile reatha agus iad siúd amach anseo san áireamh agus seirbhís iompair phoiblí á soláthar aige. Níl aon liosta críochnúil de riochtaí i gceist le míchumas.
Ar na riachtanais soghluaisteachta, tá na riachtanais is suntasaí lena n-áirítear daoine ar mhaidí croise, úsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine a bhfuil madraí treorach de dhíth orthu, nó daoine a bhfuil bugaithe acu agus ansin tá daoine a bhfuil lagú fisiciúil orthu (mar shampla paisinéirí a bhfuil airtríteas, pian droma, nó géaga ag cur as dóibh). Baineann riachtanais soghluaisteachta freisin le paisinéirí atá ag taisteal le leanaí, siopadóireacht, nó bagáiste a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu.
Is éard atá i gceist le míchumas “dofheicthe,” “neamh-dofheicthe,” “i bhfolach,” “neamh-dealraitheach,” nó “neamhfheicthe” ná aon lagú fisiciúil, meabhrach nó mothúchánach nach bhfuil soiléir láithreach do lucht féachana. D’fhéadfaí go n-áireofaí na nithe seo a leanas le míchumas dofheicthe, ach gan a bheith teoranta dóibh: lagú cognaíoch agus gortú inchinne; speictream an uathachais; tinnis ainsealacha ar nós scléaróis iolrach, tuirse ainsealach, pian ainsealach, agus fibrimiailge; imní, dúlagar, PTSD, agus cuid mhaith eile.
I measc na riachtanas céadfacha tá daille, lagú radhairc, bodhaire, agus daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu.
I measc na ndeacrachtaí foghlama tá disléicse agus deacrachtaí foghlama chomh maith le heaspa oideachais fhoirmiúil.
Agus na caighdeáin inrochtaineachta agus comhshaoil reatha do chórais iompair á gcomhlíonadh aige, is iad seo a leanas aidhmeanna Luas:
Cé nach féidir a bheith ag súil le gach deacracht a bhíonn ag paisinéirí Luas ar a dturais, déanfaidh Luas iarracht fadhbanna a mheas roimh ré agus réiteach a fháil orthu nuair is féidir de réir mar a thagann siad chun cinn.
Molann Luas dá mbaill foirne a bheith solúbtha agus gairmiúil ina gcur chuige maidir le riachtanais agus imní paisinéirí agus gach iarracht a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh a oiread rochtana agus is féidir ag baint le seirbhísí.
Ní mór do gach paisinéir ticéad bailí nó pas a bheith acu agus iad ar bhonneagar Luas nó ar gach tram Luas. Tá saorthaisteal ar an Luas saor in aisce do gach duine a bhfuil Pas Saorthaistil na Seirbhísí Poiblí nó Pas Saorthaistil na Seirbhísí Poiblí do phinsinéirí acu. Níl aon srian ar cathain is féidir le paisinéir a bhfuil na pasanna seo acu taisteal.
Tá sé de dhualgas ar thiománaithe agus Ghníomhairí Paisinéirí (CA) Luas seiceáil an bhfuil pas bailí á úsáid agat agus gurb ionann tusa agus an duine atá ar an bpas.
Bí cinnte do Phas Saorthaistil a bhailíochtú nó ticéad Luas a cheannach sula dtéann tú ar an tram Luas. Tá dhá bhailíochtóir suite ag an dá bhun den ardán le do phas taistil a bhailíochtú, agus tá teacht ar Uathdhíoltóirí Ticéad (TVM) ar gach ardán, ag gach stad chun ticéad a cheannach. Mura bhfuil do phas saorthaistil leat, ní mór duit ticéad Luas a cheannach nó íoc i gcomhair do thurais trí Chárta Leap a úsáid. Ní mór duit a chinntiú go mbíonn do phas saorthaistil nó Cárta Leap bailíochtaithe nó ticéad bailí agat i gcónaí, agus iad ar fáil chun seiceála ag Gníomhaire Paisinéara (CA) nó ag duine údaraithe le linn an turais.
Nuair is féidir, téigh isteach ar an Luas tríd na doirse dúbailte toisc gurb iad sin an bealach isteach is gaire do na suíocháin tosaíochta agus don limistéar sainithe do chathaoireacha rothaí. Lig do phaisinéirí imeacht ón Luas sula ndéanann tú iarracht dul ar bord i gcónaí.
Má tá cabair sa bhreis uait agus tú ag taisteal linn nó má tá cabhair uait roimh ré sula dtugann tú faoin turas, glaoigh ar Sheirbhís do Chustaiméirí Luas ag +353 1575 6110
Má tá sé socraithe agat taisteal ar an Luas agus tá a fhios agat go mbeidh cabhair sa bhreis de dhíth ort, cuir ar an eolas muid roimh ré lena chinntiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm againn chun a chinntiú go bhfuil ball foirne ar fáil chun cabhrú leat. Is féidir le ball foirne Luas teacht in éineacht leat ar do thuras, cabhrú leat teacht i dtaithí ar an gcóras, agus comhairle a chuir ar fáil duit maidir le turas a phleanáil agus tú ar an Luas.
Tá Cúnamh Taistil saor in aisce agus is féidir é a lorg le linn uaireanta oibre uile Luas.
Dá mhéad eolais atá ag baill foirne Luas faoin gcúnamh a theastaíonn uait, is amhlaidh is fearr a bheimid in ann an cúnamh a chur ar fáil duit..
Agus teagmháil á déanamh agat le Luas chun Cúnamh Taistil a lorg agat, cuir na sonraí seo a leanas ar fáil:
Más gá duit turas a chur ar ceal a bhfuil socruithe speisialta beartaithe ina leith, cuir in iúl dúinn ionas gur féidir baill foirne a chur ar fáil chun cabhrú le daoine eile.
Chun cúnamh a shocrú déan teagmháil le hoifig Sheirbhísí Custaiméara Luas:
Fón: +353 1575 6110
Ar ríomhphost: info@luas.ie
Tá Luas an-bhródúil ballraíocht a ghlacadh le Transport for Ireland in eineacht le Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann, agus Nasc Áitiúil tacú le Cárta JAM agus Aip Ghrúpa NOW.
Is féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama nó cumarsáide acu úsáid a bhaint as an gcárta JAM chun “nóiméad amháin” sa bhreis a lorg ar dhaoine eile, chun deis a thabhairt dóibh guaim a fháil orthu féin. Cé acu más deacrachtaí urlabhra nó beagán ama sa bhreis chun ticéad Luas nó Cárta Leap a lorg atá i gceist, is bealach discréideach é an cárta nó aip JAM chun ball foirne a chuir ar an eolas go bhfuil beagán ama sa bhreis de dhíth.
Ba rannpháirtithe sa ghrúpa NOW a d’fhorbair an Cárta JAM, a d’aithin bhfuil de dhíth ar dhaoine a bhfuil riochtaí amhail uathachas orthu, ach ‘nóiméad amháin’ i gcásanna sóisialta áirithe. Rachaidh an Cárta JAM chun tairbhe custaiméirí atá ag baint úsáide as Luas agus cinnteoidh sé go mbainfidh a laghad brú agus is féidir lena n-eispéireas.
Tá na focail ‘Nóiméad Amháin’ ar thaobh amháin den chárta, agus roghnaíonn tú féin an teachtaireacht gur mhaith leat a bheith ar thaobh eile an chárta, nuair a ordaíonn tú Cárta JAM:
Níl ort ach an cárta seo a thaispeáint do bhall foirne Luas ar mhaith leat labhairt leo, nó a labhraíonn leat, agus tú ag taisteal ar Luas.
Tá oiliúint feasachta curtha i gcrích ag baill foirne Luas lena n-áirítear Tiománaithe agus Oifigigh Dearbhaithe Custaiméara a chuireann eolas ar fáil dóibh maidir leis an gcárta sainiúil a aithint, chomh maith leis an eolas cuí a chuir ar fáil dóibh atá riachtanach chun a chinntiú go mothaíonn úsáideoir chárta JAM go bhfuil fáilte rompu ar bord an Luas. Le linn oiliúna, cuireadh feasacht luachmhar ar fáil do bhall foirne maidir le cineálacha éagsúla míchumas agus d’fhoghlaim siad conas gníomhú le custaiméir a bhféadfadh go mbeadh bacainn chumarsáide acu.
Is féidir Cártaí JAM a fháil ach iad a bhailiú ó na moil iompair seo a leanas i mBaile Átha Cliath:
Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Stáisiún na bPiarsach, Baile Átha Cliath
Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheann go díreach ón nGrúpa NOW ach cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Cárta JAM agus an fhoirm iarratais a chomhlánú.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gCárta JAM ag www.jamcard.org, an Grúpa NOW ag www.nowgroup.org.
Tá clog feistithe ar gach tram agus is féidir iad a bhuaileadh chun tabhairt le fios go bhfuil tram ag teacht chomh fada le, agus ag fágáil ardán Luas. Is féidir iarratais ar chlog a bhuaileadh, a bhfuil táscaire áirithe leis (buail an clog faoi dhó nuair a shroicheann tú stad Fhearchair), a dhéanamh trí iarratas tríd an gcnaipe Pointe Cabhair Éigeandála.
Tá Pointí Cabhair Éigeandála le fáil ar thaobh gach meaisín díola ticéad Luas ag deireadh scáthlán an ardáin, i gcuid acu d’fhéadfaí gur pointí saorsheasaimh atá iontu sa suíomh céanna.
Tá fógraí fuaime uathoibríocha ar bord, a fhógraíonn ainmneacha gach stad chomh maith le teachtaireachtaí eile réamhthaifeadta.
Cloistear torann rabhaidh dordáin nuair a bhíonn tú ag dul ar an tram agus ag imeacht ón tram, a thugann le fios go bhfuil doirse an tram á ndúnadh.
Tá solas gealánach oráiste suite os cionn gach doras chomh maith, a mbeidh ag splancáil sula ndúntar na doirse. Ná déan iarracht imeacht ón tram nó dul isteach ar an tram má chloiseann tú an torann seo, mar d’fhéadfaí go ndúnfaí na doirse ort.
Tá Córas Brathadóireachta Bacainne feistithe ar gach doras ar thramanna Luas a chinntíonn nach sáinnítear sna doirse thú.
Ní an tram in ann bogadh más rud é go bhfuil bacainn sna doirse.
Le haghaidh eolais nó iarratas ar chló mór, déan teagmháil lenár n-oifig Seirbhíse Custaiméara Luas ag +353 1575 6110 nó seol ríomhphost chuig info@luas.ie
Tugann taispeáintí seachtracha, atá le feiceáil ar thosach, ar chúl agus ar thaobhanna na feithicle, léargas ar chríochfort cheann scríbe an tram. Tá teacht orthu seo os cionn chábán an thiománaí ag deireadh dhá thaobh an tram agus díreach faoi líne an dín ar thaobhanna an tram.
Is iomaí doras atá ar feadh imeall an tram gur féidir a ghníomhachtú ach an cnaipe gealánach glas atá ar an doras a bhrú.
Tá taispeáintí leictreonacha Ionsuite, a bhfuil an téacs i litreacha beaga agus ceannlitreacha agus in ardchodarsnacht, feistithe ar gach tram. Tugtar eolas ar na taispeáintí seo faoin stad reatha, más rud é go bhfuil an tram ag teacht i dtreo ardáin, chomh maith leis an gcéad stad eile nuair atá an tram imithe.
Nuair atá tú ag dul ar bord agus ag imeacht ó thramanna, bíonn solas gealánach oráiste LED os cionn na ndoirse ar fad a thugann le fios do phaisinéirí go bhfuil na doirse ar tí dúnadh. Ná déan iarracht imeacht ón tram nó dul isteach ar an tram má thosaíonn an torann seo, mar d’fhéadfaí go ndúnfaí na doirse ort.
Tá gach tram feistithe le lúb ionduchtaithe le haghaidh custaiméirí a bhfuil áiseanna éisteachta agus a bhfuil feistithe leis an T-lasc mar a thugtar orthu. Is féidir rochtain a fháil ar fhógraí a dhéantar ar bord, ón tiománaí nó trí theachtaireachtaí taifeadta ag fógairt an chéad stad tram eile agus an ceann scríbe deiridh, ar fhaitíos éigeandála, sa tríú cuid lár de gach tram, ciallaíonn sé seo go bhfaigheann úsáideoirí a bhfuil áis éisteachta acu, comhairle agus treoracha ón tiománaí ag an am céanna le paisinéirí eile.
Suiteáladh ardaitheoirí, rampaí, agus spásanna páirceála feabhsaithe áit ina bhfuil gá leo d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus dóibh siúd a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu.
Tá gach tram agus ardán inrochtana ag cathaoireacha rothaí go hiomlán. Tá na hardáin ardaithe 280 mm os cionn na ráillí agus tá rochtain orthu trí na rampaí gearra 5-6 m atá suite ag taobh amháin nó dhá thaobh na n-ardán de réir mar is cuí. Nuair is gá, tá ardaitheoir ar fáil chun rochtain a sholáthar ar an ardán. Tá dhá limistéar sainithe d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar thramanna, a bhfuil rochtain orthu trí na 4 dhoras dúbailte lárnacha tram. Léirítear na limistéir seo le greamáin cathaoireacha rothaí dhéthaobhacha ar na fuinneoga os cionn na suíochán fillte agus an limistéar taca droma. Tugtar tús áite d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar gach duine eile maidir le húsáid an spáis seo toisc gurb é seo an t-aon spás inar féidir leo taisteal go sábháilte.
Agus tú ag dul ar bord an Luas, molaimid d’úsáideoirí dul isteach trí na doirse dúbailte. Nuair a bheidh siad ar bord, ba chóir d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí a gcoscán a chur air, iad féin a dhaingniú i gcoinne na greimráillí ar an taobh agus a n-aghaidh a thabhairt ar chúl chun go mbeadh siad chomh sábháilte agus is féidir agus iad ag taisteal.
Mura féidir leat dul ar bord Luas nó má tá cúnamh uait, brúigh an cnaipe Pointí Cabhair Éigeandála atá le fáil ag an scáthlán in aice leis an meaisín díola ticéad Luas agus cuirfear i dteagmháil thú leis an Láraonad Stiúrtha, a chuirfidh cúnamh éigeandála ar fáil de réir mar is cuí. De rogha air sin, déan teagmháil le hoifig Sheirbhís do Chustaiméirí Luas ar +353 1575 6110
Ceadaítear scútair shoghluaisteachta ar bord an Luas. Agus tú ag dul ar bord an Luas, molaimid d’úsáideoirí dul isteach trí na doirse dúbailte. Nuair a bheidh siad ar bord, ba chóir d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí a gcoscán a chur air, iad féin a dhaingniú i gcoinne na greimráillí ar an taobh agus a n-aghaidh a thabhairt ar chúl chun go mbeadh siad chomh sábháilte agus is féidir agus iad ag taisteal.
Bíonn an-fháilte roimh mhadraí cúnaimh ar bord an Luas. Ní mór do mhadraí cúnaimh an úim chuí nó brat a chaitheamh a thugann le fios don tiománaí gur madra cúnaimh atá ann. Is iad úinéir an mhadra chúnaimh atá freagrach astu agus ní mór smacht a chóiméad ar an madra, bíodh úim á caitheamh acu, bíodh siad ar iall nó in iompróir. Níor cheart go mbeadh an madra cúnaimh sa bhealach ar an bpasáiste ná ag taisteal in airde ar shuíochán. Cuirtear spás leordhóthanach ar fáil do mhadraí cúnaimh faoi shuíocháin shainithe ar an Luas.
Chomh fada is atá spás ar fáil, níl aon srian leis an méid madraí cúnaimh a cheadaíonn an tiománaí Luas ar thram ag aon am amháin.
Tá dhá limistéar sainithe le haghaidh bugaithe leanaí agus is féidir teacht orthu ach dul tríd an ceithre dhoras dúbailte lárnacha tram. Léirítear na limistéir seo le greamáin cathaoireacha rothaí/bugaithe dhéthaobhacha ar na fuinneoga os cionn na suíochán fillte agus an limistéar taca droma. Tugtar tús áite d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus bugaithe ar gach duine eile maidir le húsáid an spáis seo toisc gurb é seo an t-aon spás inar féidir leo taisteal go sábháilte.
Tá urláir tramanna Luas íseal-leibhéil agus dá bharr seo is féidir na bugaithe a fhágáil dúnta sa spás do chathaoireacha rothaí má tá spás ann. Cinntigh go bhfuil an bugaí suite go sábháilte agus go bhfuil an coscán curtha air. Ní féidir bugaithe atá oscailte a iompar sa phasáiste. Ba chóir go mbeadh tú in ann dul ar bord aon Luas agus bugaí leat. Má cheapann an tiománaí Luas go bhfuil sé róphlódaithe duit chun dul ar bord go sábháilte, d’fhéadfadh siad diúltú duit taisteal. Ní chóir bugaithe a chur go díreach taobh thiar de dhoras an tiománaí toisc go bhfuil siad sa bhealach ar an tslí go dtí salún an tram ó chábán an tiománaí dá mbeadh éigeandáil ann.
Más mian le duine i gcathaoir rothaí dul ar bord nuair a bhíonn bugaí oscailte sa spás cathaoireacha rothaí, iarrfaidh an tiománaí nó ball foirne eile Luas ort an bugaí a dhúnadh agus é a chur sa spás bagáiste nó é a choinneáil le do thaobh.
Tá faisnéis shoiléir, ghonta, chruinn agus thráthúil ríthábhachtach do phaisinéirí a thugann faoi thurais ar iompar poiblí agus is féidir leis muinín a chothú sa chóras Luas. Is féidir le faisnéis mhaith an difear a dhéanamh do phaisinéirí faoi mhíchumas maidir lena gcumas turas a dhéanamh. Tá fáil ar Eolas Fíor-ama Paisinéirí ón na haonaid Taispeána Eolais Paisinéirí (PID) ar an ardán ag gach ardán Luas. Léirítear trí líne téacs sa taispeáint a thugann eolas do phaisinéirí, ar na hamanna sroichte measta agus cinn scríbe an chéad trí tram eile ón ardán. Baintear úsáid as an Taispeáint Eolais Paisinéirí (PID) chomh maith chun eolas a chuir ar fáil maidir le cuir isteach ar an tseirbhís agus eolas eile.
Tá fáil ar Eolas Fíor-ama Paisinéirí chomh maith ach cuairt a thabhairt ar luas.ie, aip saor in aisce Luas a íoslódáil ó shiopaí Apple App nó Google Play, nó féachaint ar leathanach oifigiúil Luas’ ar twitter, @LUAS. Is féidir an cló a mhéadú ar Shuíomh Gréasáin Luas agus is féidir é a léamh trí úsáid a bhaint as Browse Aloud. Seoladh leagan nua den suíomh gréasáin le déanaí agus tá sé leagtha amach le go mbeadh eolas atá an-tábhachtach ar fáil do phaisinéirí ar bhealach atá tapa agus éifeachtach. Rinneadh na gnéithe uile ba thábhachtaí ó sheansuíomh gréasáin Luas a bharrfheabhsú agus mar sin tá sé níos tapa, inrochtana agus tá sé éasca é a nascleanúint.
Tá dhá ardán 40m ar fad x 3m ar leithead le fáil ag cuid mhaith de stadanna Luas, iad ag dhá thaobh de na ráillí ach amháin ag Sráid Uí Fhearchair agus Busáras, áit a bhfuil na hardáin idir na ráillí. Níl ach ardán amháin i limistéir Líne Uaine Luas, áit a bhfuil taisteal aontreo, sa lúb idir Westmoreland – Parnell – Ardán na Tríonóide. Tá na hardáin ardaithe 280 mm os cionn na ráillí agus tá rochtain orthu trí na rampaí gearra 5-6 m suite ag taobh amháin nó dhá thaobh na n-ardán.
Tá teacht ar scáthlán cruaigh nó gloine ag cuid mhaith de na stadanna, seachas corrcheann. Tá na Meaisíní Díola Ticéad (TVM) agus na Pointí Cabhair Éigeandála laistigh de na scáthláin seo, chomh maith le suíocháin do phaisinéirí. Tá clár fógraíochta crochta ar chuid mhaith de na scáthláin ag stadanna Luas, áit a léirítear léarscáil bhealaigh suímh a thaispeánann príomhghnéithe áitiúla agus a sholáthraíonn faisnéis maidir le táillí agus faisnéis taistil chomh maith. Is féidir gur cláir fógraíochta saorsheasaimh a mbeadh suite ag suíomhanna áirithe chomh maith.
Tá Cuaille Fógraíochta Stad nó Clár Fógraíochta Stad ag gach stad Luas ina bhfuil Taispeáint Eolais Paisinéirí (PID). Déan cinnte na taispeáintí seo a scrúdú go rialta ar mhaithe leis an bhfaisnéis taistil is déanaí.
Tugann comharthaí mór ag gach stad ainm an stad le fios. Tá “brat” daite ar na stadanna seo chomh maith a chabhraíonn le tabhairt le fios cén líne ar leith a bhfuil an stad air (Dearg nó Uaine).
Is féidir rochtain trí ardaitheoir a fháil ar na stadanna seo a leanas:
Tá gléas idirchumarsáide i ngach ardaitheoir suite ag an bPointe Cabhair Éigeandála a chuireann ar do chumas teagmháil a dhéanamh le Láraonad Stiúrtha Luas i gcás éigeandála. Tá ceamaraí slándála TCI ag gach ardaitheoir, cinn inmheánacha agus seachtracha araon.
Bí cinnte an rannán nuashonruithe taistil de www.luas.ie agus an aip soghluaiste Luas a scrúdú, le haghaidh faisnéise maidir le faisnéis cothrom le dáta ar ardaitheoirí.
Ba chóir do phaisinéirí Luas a bheith ullmhaithe agus an tram ag teacht chuig an stad. Ní mór do phaisinéirí a bheith réidh le himeacht ón tram nuair a shroicheann sé an stad. Tabharfar an chéad stad eile le fios le fógra chomh maith le taispeáint inmheánach LED. Ba chóir do phaisinéirí an cnaipe gealánach glas ar an doras a bhrú má theastaíonn uatha imeacht ón tram. Seas siar agus lig do phaisinéirí imeacht ón tram sula ndéantar iarracht dul ar bord. Má tá cúnamh uait, cuir ar an eolas muid roimh ré agus glaoigh ar 0818 300 604 nó seol ríomhphost chuig info@luas.ie agus cuir eolas maidir leis na hamanna, na dátaí agus na suíomhanna ar fáil.
Tabhair faoi deara, gur spás sainithe é an spás ar an Luas atá léirithe leis an siombail atá ar taispeáint ar thaobh na láimhe clé d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus dóibh siúd atá ag taisteal le bugaithe. Tugtar tús áite d’úsáideoirí Cathaoireacha Rothaí sa limistéar seo. Bog ón limistéar seo nuair atá an spás seo de dhíth ar úsáideoir cathaoir rothaí ar an Luas.
Má thugann tú duine a bhfuil lagú radhairc orthu ag seasamh ar an ardán faoi deara, cuir ar an eolas iad maidir leis an treo a bhfuil an tram ag dul, agus an tram ag teacht i dtreo an ardáin. Tairg do shuíochán ar an Luas do phaisinéirí atá níos sine, atá ag súil le páiste, nó daoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, más rud é go bhfuil siad ina seasamh.
Cabhraigh le do chomhphaisnéirí más rud é go bhfuil cabhair de dhíth orthu.
Tá 7 gcarrchlós páirceála agus taistil ar fáil, a bhfuil spásanna le haghaidh suaitheantas gorm atá suite go háisiúil agus sainithe iontu uile. Tá spásanna Suaitheantais Páirceála Gorm suite chomh gar is gur féidir d’ardáin Luas.
Tá páirceáil ar mhaithe le paisinéirí Luas atá faoi mhíchumas saor in aisce i spásanna suaitheantais páirceála gorm sainithe. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do phas Suaitheantais Páirceála Gorm ar taispeáint agus infheicthe agus go bpáirceálann tú i spásanna suaitheantais páirceála gorm sainithe. Cuirfear na spásanna seo ar fáil ar dtús dóibh siúd a mbíonn ar an láthair ar dtús. Más rud é nach bhfuil aon Spásanna Suaitheantais Páirceála Gorm ar fáil nuair a thagann tú chuig an gcarrchlós, is féidir leat páirceáil i spásanna eile saor in aisce chomh fada is go bhfuil do Shuaitheantas Gorm ar taispeáint.
Is féidir le duine ar mian leo gearán a dhéanamh maidir le teip ar Luas cloí leis an Acht um Míchumas, 2005, amhlaidh a dhéanamh i scríbhinn chuig Ionad Seirbhíse do Chustaiméirí Luas ach ríomhphost a sheoladh chuig info@luas.ie nó scríobh chuig:
Seirbhís do Chustaiméirí Luas
Iosta Luas,
An Bhó Dhearg,
Cluain Dolcáin,
Baile Átha Cliath 22
D22 C5P3
Is féidir gearán a dhéanamh chomh maith ach glaoch ar ár nIonad Seirbhíse do Chustaiméirí Luas ag 0818 300 604.