Tram | Traein | Bus | Tacsaí
Scútar Soghluaisteachta ar Sheirbhísi TFI
Spás do Chathaoir Rothaí a Chur in Áirithe | Tosaíocht do Chathaoir Rothaí

Tram

Tá ardaitheoirí, rampaí agus spásanna páirceála curtha ar fáil ag Luas d’úsáideoirí cathaoir rothaí agus dóibh siúd a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu, i gcás inar gá.

Tá gach tram agus ardán oiriúnach do chathaoireacha rothaí. Tá na hardáin ardaithe 280 mm níos airde ná an ráillrian agus is féidir rochtain a fháil orthu trí na rampaí gearra 5-6 m a úsáid atá lonnaithe ar thaobh amháin nó an dá thaobh den ardán nuair is gá. Sa chás go mbíonn sé ag teastáil, tá ardaitheoir ann a thabharfaidh rochtain ar an ardán.

person in wheelchair - boarding Luas 400x600 pixels

Ar thramanna, tá dhá áit shainithe d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí, atá inrochtana tríd an 4 shraith de dhoirse dúbailte tram. Cuirtear na háiteanna seo in iúl leis na greamáin dhéthaobhacha cathaoir rothaí ar na fuinneoga atá os cionn spás na suíochán infhillte agus an taca droma. Tugtar tosaíocht d’úsáideoirí cathaoir rothaí don spás seo thar aon duine eile.

Agus iad ar bord, ní mór d’úsáideoirí cathaoir rothaí an coscán a chur i bhfeidhm, iad féin a dhaingniú in aice leis na greimráillí agus a n-aghaidha bheith chun cúil ar mhaithe leis an uasmhéid sábháilteachta agus iad ag taisteal.

Mura bhfuil tú in ann dul ar bord Luas nó má theastaíonn cúnamh uait, brúigh an cnaipe Pointe Cabhrach Éigeandála atá suite ag deireadh an scáthláin in aice leis an meaisín ticéad lena gceanglófar thú leis an Ionad Lárnach um Rialú Traenach a chuirfidh cúnamh éigeandála ar fáil duit más gá.

páirceáil don Luas do phaisinéirí faoi mhíchumas saor in aisce sna spásanna sainithe do Shuaitheantais Ghorma. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do phas Shuaitheantais Ghoirm le feiceáil go soiléir agus go bpáirceálann tú i spás páirceála sainithe do Shuaitheantais Ghorma. Soláthraítear na spásanna seo de réir mar a thagann custaiméirí. Mura bhfuil spásanna páirceála do Shuaitheantas Gorm ar fáil tar éis duit an carrchlós a shroicheadh, tá páirceáil i spásanna eile ceadaithe, agus tá sé saor in aisce fad is atá do phas Shuaitheantais Ghoirm á thaispeáint.

Tá dhá ardán 40m ar fad x 3m ar leithead ar an dá thaobh den ráillrian ag formhór de staideanna an Luas, seachas ag Staid Fhearchair agus Busáras, áit a bhfuil na hardáin suite i lár na ráillrianta. Níl ach ardán amháin ag staideanna de chuid an Líne Uaine, áit a bhfuil taisteal aontreoch i bhfeidhm, sa lúb idir Westmoreland – Parnell – Staid na Tríonóide. Tá na hardáin ardaithe 280 mm níos airde ná an ráillrian agus is féidir rochtain a fháil orthu trí na rampaí gearra 5-6 m a úsáid atá lonnaithe ar thaobh amháin nó an dá thaobh den ardán.

Is féidir rochtain a fháil ar na staideanna seo a leanas trí ardaitheoir:

  • Freastalaíonn ardaitheoir ar gach ardán i gCILL MOCHUDA.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir i mBAILE AMHLAOIBH ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh isteach.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir i RAGHNALLACH ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh amach.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir in CHARLEMONT ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh isteach.
  • Tá ardaitheoir agus staighre beo amháin i STÁISIÚN UÍ CHONGHAILE cóngarach d’ardáin an Luas, chomh maith le hardaitheoir laistigh de phríomhdhoras an stáisiúin.
  • Is féidir rochtain a fháil ar ardaitheoir i nDÚN DROMA ó cheachtar den dá ardán, atá suite ar thaobh an bhealaigh isteach.
  • Is féidir rochtain a fháil ar 2 ardaitheoir i mBAILE PHIB ó cheachtar den dá ardán, ceann amháin suite ar thaobh an bhealaigh amach agus an ceann eile ar thaobh an bhealaigh isteach.

Tá idirchum i ngach ardaitheoir atá suite ag an bPointe Cabhrach Éigeandála lena dtugtar cead duit teagmháil a dhéanamh le hIonad Lárnach um Rialú Traenach an Luas i gcás éigeandála. Clúdaíonn ceamaraí TCI an taobh istigh agus amuigh de gach ardaitheoir.

Féach ar an leathanach nuashonraithe taistil de www.luas.ie agus ar aip an Luas le haghaidh faisnéise ardaitheora cothrom le dáta.

Traein

teorainn leis an líon spásanna inrochtana do chathaoireacha rothaí ar gach seirbhís de chuid Iarnróid Éireann, agus mar sin tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú do spás in áirithe roimh ré.

person in wheelchair getting on iarnrod Eireann_Heuston Station 400x600

Is féidir an spás seo a chur in áirithe trí dhul i dteagmháil le do stáisiún áitiúil agus a chur in iúl dóibh an dáta/na dátaí agus an tseirbhís/na seirbhísí a bhfuil sé ar intinn agat a bheith ag taisteal. Déanfaidh siad taifead den mhéid seo agus cinnteoidh siad go mbeidh ball foirne ar fáil le cúnamh a thabhairt duit ar do lá/laethanta taistil.

Bíonn traenacha le doirse leathana cumhachtoibrithe agus spásanna sainithe do chathaoireacha rothaí ar fáil ar fhormhór na seirbhísí. Is féidir le hIarnród Éireann freastal ar chathaoireacha rothaí suas le 700mm ar leithead agus 1200 mm ar fad (na cosphlátaí san áireamh), airde 1435mm agus an t-úsáideoir san áireamh, meáchan uasta de 300 cileagram agus an t-úsáideoir san áireamh, agus ga casta de 900mm.

Ar mhaithe le sábháilteacht, má tá do chathaoir rothaí níos mó ná na toisí atá ceadaithe, ní ghlacfar leis an gcathaoir rothaí ar eagla nach mbeadh sé in ann coirnéil a chasadh ar bord na traenach.

Bainfidh foireann Iarnród Éireann úsáid as rampaí chun cabhrú leat dul ar bord nó teacht anuas dár dtraenacha más gá. Ní mór fógra 24 uair an chloig a thabhairt chun a chinntiú gur féidir baill foirne a chur ar fáil chun cabhrú dul ar bord nó teacht anuas ó do sheirbhís.

spásanna páirceála sainithe i ngach uile charrchlós de chuid Iarnróid Éireann do shealbhóirí Cárta Páirceála na hEorpa. Cuirtear ar fáil iad ag suíomh áisiúil ar dhromchla coincréite nó tarra, le colbhaí íslithe agus cosáin neamhsciorrach, nuair is cuí. Chun tuilleadh eolais maidir le hinrochtaineacht stáisiúin agus seirbhísí páirceála a fheiceáil féach ar leathanaigh thiomnaithe stáisiúin Iarnróid Éireann.

Maidir le ceisteanna inrochtaineachta, is féidir leat glao a chur ar Iarnród Éireann ag 0818 294 015+353 1575 6110 (Luan go hAoine, 07:00 go 19:00, Satharn 08:00 go 18:00, Domhnach agus Saoire Phoiblí 10:00 – 18:00.) nó an fhoirm theagmhála seo a líonadh chun do cheist a chur.

Más mian leat staighre beo atá as ord a thuairisciú, téigh i dteagmháil le do thoil le hIarnród Éireann Irish Rail.

Bus

Tá urlár ísil ag formhór na seirbhísí bus TFI. Tá siad seo inrochtana ag cathaoireacha rothaí agus tá spás sainithe do chathaoireacha rothaí acu. Tugtar tosaíocht d’úsáideoirí cathaoir rothaí don spás seo thar aon duine eile.

Ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland, tá spás ann le haghaidh cathaoireacha rothaí le méid suas le 70cm ar leithead agus 120cm ar fad agus ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré. Stopfaidh gach bus má tá úsáideoir cathaoir rothaí ag stad an bhus.

Tá flít Bus Éireann a fheidhmíonn ar sheirbhísí Cathrach agus Baile 100% inrochtana ag cathaoireacha rothaí agus ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré.

TFI LocakLink LWR wheelchair access

Tá 90% de sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI inrochtana do chathaoireacha rothaí agus is féidir bealaí a atreorú le haghaidh bailithe áit a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta ag cónaitheoirí. Moltar glao a chur roimh do thuras chun spás do chathaoir rothaí a chur in áirithe ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI.

Agus tú ag dul ar bord bus, cuimhnigh ar na nithe seo a leanas:

  • Fan amach ón mbus agus é ag ísliú, agus an rampa á chur síos.
  • Bí foighneach agus fan go leagtar an rampa ar an gcosán. Nuair atá an rampa síos, téigh ar bord an bhus agus tú ag féachaint chun cinn. Fágann sé seo go mbeidh sé níos éasca duit tú féin a shuíomh agus tú ar bord.
  • Nuair atá tú ar bord, déan tú féin a shuíomh i spás na cathaoireach rothaí le do dhroim in éadan an taca droma agus cuir do choscáin ar siúl chun a chinntiú nach mbogann do chathaoir nuair a bhogann an bus.
  • Chun an bus a fhágáil, brúigh an cnaipe a bhfuil siombail na cathaoireach air in aice le spás na cathaoireach rothaí go gairid roimh do stad. Bí foighneach le do thoil agus an ghéag shábháilteachta á ardú (ar na busanna den chineál Feithicil Leictreach amháin) agus an rampa á ísliú ag an tiománaí.
  • Téigh ar bord agus fág an bus ag na doirse tosaigh i gcónaí. Níl slí amach an rampa ach ag na doirse tosaigh.

Nós imeachta maidir le rampa cathaoireacha rothaí atá briste

Mura bhfuil tú in ann dul ar bord bus mar gheall ar rampa briste, fan go dtí an chéad bhus eile agus cuir ár bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí ar an eolas trí ghlao a chur ar 0818 294 015 nó líon isteach an fhoirm theagmhála seo chun muid a chur ar an eolas.

Má imíonn mífheidhm ar rampa cathaoireacha rothaí ar sheirbhís Go-Ahead Ireland, cuirfidh an tiománaí glaoch raidió ar an seomra rialaithe chun fiosrú cathain a bheidh an chéad bhus eile ag teacht. Mura bhfuil sé seo oiriúnach don chustaiméir eagróidh an tiománaí go ndéanfaidh an seomra rialaithe tacsaí a eagrú don chustaiméir.

Tá gnéithe inrochtaineachta ag Stáisiúin Bhus Éireann. Níl aon stáisiún bus le haghaidh Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland nó Nasc Áitiúil TFI.

Tacsaí agus Hacnaí

Tá dhá shaghas Fheithicil atá oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí– Tacsaithe agus Hacnaithe.

Inrochtaineacht Tacsaí le haghaidh sonraí – Transport for Ireland

Scútair Shoghluaiseachta

  • Ceadaítear scútair shoghluaisteachta ar bord Luas.
  • Chun taisteal ar sheirbhísí bus TFI le do scútar soghluaisteachta, ní mór duit ceadúnas a bheith agat.
  • Scútair Chumhachtaithe agus Cathaoireacha Rothaí/Siúladáin Rothaí ar Bord Traenacha – tá sé tábhachtach, mar sin, go gcuirfidh tú do spás in áirithe roimh ré.

Scútair Shoghluaiseachta ar Sheirbhísí TFI – le haghaidh tuilleadh eolais

Spás do Chathaoir Rothaí a chur in áirithe

Spás do chathaoir rothaí a chur in áirithe ar Bhus, ar Luas, ar Thraein

Spás do Chathaoir Rothaí a chur in áirithe

Tosaíocht do Chathaoir Rothaí

Is é ceann de na dúshláin is mó a bhíonn roimh úsáideoirí cathaoir rothaí ná spásanna do chathaoireacha rothaí ar bord iompair phoiblí a bheith ar fáil. Gan rochtain ar an spás seo, is minic go gciallaíonn sé nach féidir leo siúd a bhfuil na spásanna ag teastáil uathu dul ar bord bus, tram nó seirbhís traenach chun a gceann scríbe beartaithe a bhaint amach.

Spás Tosaíochta Cathaoir Rothaí – eolas feachtais

Tram | Traein | Bus | Tacsaí
Scútar Soghluaisteachta ar Sheirbhísí TFI
Spás do Chathaoir Rothaí a Chur in Áirithe | Tosaíocht do Chathaoir Rothaí