Bus – lagú radhairc
Bus Éireann, Go-Ahead Ireland, Bus Átha Cliath, Nasc Áitiúil TFI
Tarraingeoidh tiománaithe bus isteach agus fanfaidh siad ar aon chustaiméir a bhfuil madra cúnamh nó maide siúil acu agus atá ag fanacht ag stad an bhus. . Cuir an tiománaí ar an eolas cén áit ar mian leat taisteal, chun a chinntiú go bhfuil tú ag dul ar bord an bhus cheart.
Tá fógraí fuaime ar bord formhór na mbusanna, agus iad i mBéarla agus i nGaeilge araon, chun a chinntiú go dtugtar fógra maidir leis an gcéad stad eile do chustaiméirí, ionas gur féidir leo an tiománaí a chur ar an eolas tríd an gclog stad faoin áit ar mian leo stopadh.
Chomh maith leis sin, is féidir leis an gcustaiméir an tiománaí a chuir ar ar an eolas agus iad ag dul ar bord, cén áit ar mian leo imeacht ón mbus. Déanfaidh an tiománaí a míle dícheall cuimhneamh, ach moltar éisteacht nó go bhfógraítear an stad ar fhógraí fuaime an chéad stad eile.
LUAS – lagú radhairc
Tá clog feistithe ar gach tram
Tá clog feistithe ar gach tram agus is féidir iad a bhuaileadh chun tabhairt le fios go bhfuil tram ag teacht chomh fada le, agus ag fágáil ardán Luas. Is féidir iarratais ar chlog a bhuaileadh, a bhfuil táscaire áirithe leis (buail an clog faoi dhó nuair a shroicheann tú stad Fhearchair), a dhéanamh trí iarratas tríd an gcnaipe Pointe Cabhair Éigeandála.
Pointí Cabhair Éigeandála
Tá Pointí Cabhair Éigeandála le fáil ar thaobh gach meaisín díola ticéad Luas ag deireadh scáthlán an ardáin, i gcuid acu d’fhéadfaí gur pointí saorsheasaimh atá iontu sa suíomh céanna.
Fógraí fuaime uathoibríocha ar bord
Tá fógraí fuaime uathoibríocha ar bord, a fhógraíonn ainmneacha gach stad chomh maith le teachtaireachtaí eile réamhthaifeadta.
Torann rabhaidh dordáin ag tabhairt le fios go bhfuil doirse an tram ag dúnadh.
Cloistear torann rabhaidh dordáin nuair a bhíonn tú ag dul ar an tram agus ag imeacht ón tram, a thugann le fios go bhfuil doirse an tram á ndúnadh.
Solas gealánach oráiste suite os cionn gach doras
Tá solas gealánach oráiste suite os cionn gach doras chomh maith, a mbeidh ag splancáil sula ndúntar na doirse. Ná déan iarracht imeacht ón tram nó dul isteach ar an tram má chloiseann tú an torann seo, mar d’fhéadfaí go ndúnfaí na doirse ort.
Tá Córas Brathadóireachta Bacainne feistithe ar gach doras ar thramanna Luas a chinntíonn nach sáinnítear sna doirse thú.
Ní an tram in ann bogadh más rud é go bhfuil bacainn sna doirse.
Le haghaidh eolais nó iarratais i gcló mór déan teagmháil lenar nIonad Seirbhísí Custaiméara Luas ar 0818 294 015 (má tá tú lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110 (7am – 7pm i rith na Seachtaine, 8am – 6pm Dé Sathairn, 10am – 6pm Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Poiblí)
Traein – lagú radhairc
Aip Fréamhshamhla Cúnaimh do Phaisinéirí
Tá Aip Fréamhshamhla Cúnaimh do Phaisinéirí á forbairt agus á tástáil ag Iarnród Éireann, a chuirfidh ar chumas paisinéirí cabhair a chuir in áirithe roimh ré agus a gcuid turas a bhainistiú. Tá iniúchadh á dhéanamh againn maidir le cé acu an bhfuil sé d’acmhainn ag aip dá leithéid feabhas suntasach a chur ar an mbealach a bhfaigheann daoine a bhfuil lagú radhairc agus soghluaisteachta acu rochtain ar ár seirbhísí. Toisc gur fréamhshamhail atá ann, níl ach tástáil ar bun uirthi ar an líne DART i láthair na huaire ach ba mhaith linn í a leathnú ar fud ár seirbhíse ina iomlána má tá rath uirthi.
Tá úsáideoirí rialta DART a bhfuil lagú radhairc agus soghluaisteachta acu á lorg ag Iarnród Éireann le bheith mar chuid de phainéal taighde ina n-áireofar tástáil bheo ar aip fhréamhshamhla.
Chun a bheith rannpháirteach ní mór do rannpháirtithe:
A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine
A iPhone féin a bheith acu (iPhone 5s/6 nó níos déanaí)
A bheith ar a gcompord ag tabhairt faoi thurais rialta ar an DART
Glacadh le téarmaí an chéim tástála
Aip Fréamhshamhla Cúnaimh do Phaisinéirí – tuilleadh eolais