Cearta Paisinéirí AE 

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) an comhlacht forfheidhmithe ainmnithe le haghaidh:

Bus nó Cóiste
Rialachán 181/2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste.

Faigh tuilleadh eolais 

 


 

Muiriompar agus Uiscebhealaí Intíre
Rialachán 1177/2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre.

Faigh tuilleadh eolais 

 

Tábhachtach: Ní mór do phaisinéirí gearáin a chur faoi bhráid na n-iompróirí nó na n-oibreoirí críochfoirt i dtús báire, faoi cheann dhá mhí ón dáta a oibríodh an tseirbhís, nó ónar cheart gur oibríodh í.

Cuir Gearán Isteach 

 


Iarnród
Rialachán Uimh 2021/782 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid.

Faigh tuilleadh eolais 

 


 

Ciallaíonn sé seo gurb é ról an Údaráis a chinntiú go gcaitheann oibreoirí iompair le gach paisinéir mar atá leagtha amach sna rialacháin thuas.

Tacaíocht do Phaisinéirí
Ba cheart do phaisinéirí a gcuid fiosrúchán agus saincheisteanna a chur chuig an iompróir ábhartha nó chuig an oibreoir ábhartha ar an gcéad dul síos má chreideann siad gur sáraíodh a gcearta.

Coinnigh bunleaganacha na cumarsáide go léir a roinneann tú le do thoil. 

 


 

Sonraí Teagmhála an Údaráis: 

Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015 

Ó lasmuigh d’Éirinn:  +353 1575 6110

  • 7am – 7pm ó Luan go hAoine
  • 8am – 6pm Dé Sathairn
  • 10am – 6pm Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Poiblí 

Seoladh poist:
An tÚdarás Náisiúnta Iompair,
Teach Mhargadh an Fhéir,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7,
D07 CF98.