Is féidir leat ticéid a cheannach do sheirbhísí bus éagsúla timpeall na hÉireann ón Aip TFI Go.
Déantar do thicéad a íoslódáil chuig an aip agus is féidir é a úsáid chun taisteal go láithreach.
Níl gá le priontáil, níl le déanamh ach an ticéad a ghníomhachtú roimh gach turas agus é a thaispeáint do do thiománaí agus tú ag dul ar bord.
Íoslódáil ar Apple Store Anseo é | Íoslódáil ar Google Play Anseo é


I measc roinnt Príomhghnéithe a bhaineann leis, tá:
- Ticéid do 1 nó 2 thuras nó 10 dturas ar fáil
- Ticéid Chriosach ar leith ar fáil anois
- Cuardaigh ticéad idir do thúsphointe agus do cheann scríbe
- Sábháil cárta íocaíochta le ceannach níos tapúla
- Tá ticéid bailí ar feadh 28 lá tar éis iad a cheannach
- Is féidir leat raon ticéid a cheannach, cinn do dhuine fásta, d’aosach óg agus do mhac léinn san áireamh ar Bhus Éireann, Nasc Áitiúil TFI agus oibreoirí bus tráchtála bus leith
- Tá ticéid chriosacha ar fáil ar sheirbhísí cathrach agus baile Bhus Éireann. Chun ticéad a cheannach idir aon stad laistigh d’aon chrios, roghnaigh an crios riachtanach ón roghchlár cineáil ticéid
- Cuardaigh agus sábháil an t-oibreoir is mó a úsáidtear
- Le haghaidh tuilleadh sonraí ar stadanna i seirbhísí cathrach agus baile, féach ar ár léarscáileanna líonra
Naisc Léarscáil Líonra
Gach Léarscáileanna Líonra
Léarscáileanna Líonra Cathrach
Léarscáileanna Líonra – Seirbhísí Bus Baile
Léarscáileanna Líonra – Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI
Físeán teagaisc
Oibreoirí Bus Tráchtála
Le haghaidh liosta na nOibreoirí Bus Tráchtála a chuireann lascaine 50% ar fáil faoi láthair dóibh siúd a bhfuil Cárta d’Aosach Óg agus Mac Léinn le d’Aip TFI GO acu, féach an leathanach le haghaidh Sealbhóirí Cártaí LEAP d’Aosach Óg & Mac Léinn.
Cabhair agus Teagmháil
Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015
Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110
- 7am – 7pm le linn na seachtaine
- 8am – 6pm ag an deireadh seachtaine
- 10am – 6pm ar an Domhnach agus Saoire Phoiblí
Nó, seol teachtaireacht chuig
Líon amach ár bhfoirm theagmhála gearr. Freagróidh ball dár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí chomh luath agus is féidir.
Seol teachtaireacht
Seol teachtaireacht chugainn ar: