Do Tháille Tacsaí a Thuiscint

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) freagrach as an táille uasta a shocrú ar féidir le tiománaithe tacsaithe í a ghearradh ar fud na tíre. Tá an dóigh a ndéantar an táille tacsaí a ríomh leagtha amach sa reachtaíocht.

Le cuidiú leat do tháille a thuiscint agus a mheas, chruthaigh Transport for Ireland Meastóir Táille Tacsaí. Cé go bhféadfadh dálaí tiomána ar an lá tionchar a imirt ar do tháille deiridh iarbhír, de réir mar a ríomhtar ag an méadar tacsaí, cuideoidh an uirlis ar líne seo leat costas do thurais a mheas trí na fachtóirí thíos a chur san áireamh.

  • Le gach paisinéir aosach breise, cuirtear €1 leis an táille mhéadraithe.
  • Taistealaíonn páiste amháin saor in aisce. Ina dhiaidh sin, cuirtear €1 leis an táille mhéadraithe do gach beirt pháistí faoi 12 bhliain d’aois.
  • Má chuireann tú do thacsaí in áirithe roimh ré, ar an bhfón, le haip nó go pearsanta, cuirtear táille áirithinte €2 leis an táille mhéadraithe.
  • Cuirtear táillí dola bóthair leis an táille de réir mar a thabhaítear iad agus ba cheart iad a thaifeadadh i scríbhinn ar an admháil.
  • Bíonn tionchar ag uainiú do thurais ar an táille a ghearrtar ort.

Ba cheart do phaisinéirí smaoineamh ar na pionóis ionchasacha a leanas freisin:

  • Má dhéantar an tacsaí a shalú is féidir táille uasta €140 a chur i bhfeidhm.
  • Mura n-íocann tú do tháille nó má íocann nua táille níos lú ná mar a d’aontaigh tú roimh ré tá cion á dhéanamh agat.

Má tá imní ar thiománaí nach bhfuil paisinéir in ann a t(h)áille a íoc, tá an tiománaí i dteideal iarraidh ort cruthúnas ar chistí a thaispeáint sula n-aontóidh sé/sí an tseirbhís a chur ar fáil duit.

Tá an fhaisnéis uile thuas ar fáil i ngach tacsaí ar Chartá Faisnéise an Tacsaí.

D’admháil ón méadar tacsaí

Ní mór do thiománaithe admháil dhlíthiúil na táille tacsaí a chur ar fáil do phaisinéirí ón méadar tacsaí (ní an teirminéal cárta) Ba cheart do phaisinéirí an admháil ón méadar tacsaí a choinneáil le haghaidh fiosruithe ar bith tar éis an turais, mar taispeántar sonraí na feithicle agus an turais uirthi

Coinnigh cuimhne go bhféadfadh difear a bheith ann idir an admháil ón méadar tacsaí agus admháil aipe, má roghnaigh tú do thacsaí a chur in áirithe le haip. Is féidir le soláthraithe aipeanna a gcuid táillí féin a ghearradh nach mbaineann le táille an mhéadair tacsaí, mar sin bí cinnte an margadh is fearr a chuardach.

Córas íocaíochta gan airgead tirim

Ón 1 Meán Fómhair 2022, ní mór do gach tacsaí in Éirinn íocaíochtaí le cártaí creidmheasa agus le cártaí dochair a ghlacadh mar aon le híocaíochtaí airgid thirim – is rogha an phaisinéara é sin. Níl cead ag tiománaithe oibriú gan áis íocaíochta cárta ag feidhmiú agus níl cead acu formhuirir a ghearradh ar íocaíochtaí ar bith le cárta.

Físeáin faisnéise tacsaithe

 

Do Tháille Hacnaí agus Limisín a Thuiscint

Seachas le comhaontú i scríbhinn roimh ré, níl cead ag tiománaithe tacsaithe níos mó ná an táille mhéadraithe a ghearradh agus ní mór dóibh admháil phriontáilte a thabhairt do phaisinéirí ar iarratas.

Mar phaisinéir, ní mór duit an táille mhéadraithe iomlán nó an táille níos lú chomhaontaithe a íoc le haghaidh gach fruilithe. Ba cheart táille a comhaontaíodh roimh ré a thaifeadadh i scríbhinn sula dtosaíonn an turais.

Níl cead ag hacnaithe agus ag limisíní níos mó ná an táille chomhaontaithe a ghearradh ort agus ní mór dóibh admháil a thabhairt duit ar iarratas.

Cearta agus Freagrachtaí Custaiméirí

Cearta na gcustaiméirí

Táillí agus admhálacha
  • Tacsaithe: Ní féidir le tiománaithe tacsaithe níos mó ná an táille mhéadraithe a ghearradh agus ní mór dóibh admháil phriontáilte a thabhairt do chustaiméirí.
  • Hacnaithe agus limisíní: Ní féidir le tiománaithe níos mó ná an táille chomhaontaithe a ghearradh agus ní mór dóibh admháil i scríbhinn a thabhairt do chustaiméirí.
Rialacháin
  • Ní mór do thiománaithe SPSV (feithiclí beaga seirbhíse poiblí) a gcárta aitheantais tiománaí agus an cárta faisnéise paisinéirí a thaispeáint i radharc soiléir an chustaiméara.
  • Ag stad tacsaithe, is féidir leis an bpaisinéir roghnú chun taisteal i dtacsaí seachas an ceann atá ag barr na scuaine.
Madraí treorach/madraí cúnaimh/áiseanna soghluaisteachta
  • Ní mór do SPSVanna madraí treorach agus áiseanna soghluaisteachta a iompar gan aon chostas breise do chustaiméirí a dteastaíonn siad uathu.
Turais inrochtana ag cathaoireacha rothaí
  • Ní mór do thacsaithe agus do hacnaithe atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí tús áite a thabhairt d’áirithintí do dhaoine faoi mhíchumais.
Diúltú míréasúnta seirbhíse
  • Ní féidir le tiománaithe tacsaithe seirbhís a dhiúltú go míréasúnta do thurais 30km nó níos lú ná sin.
Seirbhís do chustaiméirí
  • Ba cheart d’oibritheoirí SPSVanna a bheith dea-mhúinte, cuiditheach agus gléasta go néata.
  • Ba cheart go mbeadh eolas maith oibre ag oibritheoirí SPSVanna ar phríomhbhealaí agus ar chinn scríbe agus ba cheart dóibh aon treo nó bealach a leanúint a roghnaíonn an paisinéir.
  • Ní mór do thiománaithe SPSVanna cabhair réasúnta a chur ar fáil maidir le bagáiste.
  • Ba cheart go mbeadh an fheithicil glan agus inbhóthair.

Freagrachtaí an chustaiméara

Táillí
  • Tacsaithe: Ní mór do chustaiméirí an táille mhéadraithe iomlán nó an táille chomhaontaithe a íoc, lena n-áirítear táillí áirithinte nuair is iomchuí, le haghaidh gach fruilithe.
  • Hacnaithe agus limisíní: Ní mór do chustaiméirí an táille a chomhaontú sula dtosaíonn an turas.
Iompraíocht
  • Ba cheart go mbeadh iompraíocht an chustaiméara múinte agus dea-bhéasach.
  • Níl cead ag custaiméirí damáiste a dhéanamh don fheithicil nó í a dhéanamh salach, bia a ithe nó deoch a ól inti, nó tobac a chaitheamh inti.
  • Tá muirear salaithe iníoctha ag paisinéirí a shalaíonn an tacsaí nó a dhéanann damáiste dó sa mhéid nach mór é a thabhairt as seirbhís nó go mbeidh sé riachtanach é a ghlanadh nó a dheisiú ar chostas.
  • Ba cheart do chustaiméirí cloí le hiarratas réasúnta ar bith ón tiománaí chun an fheithicil a fhágáil nó gan teacht isteach inti.
Sábháilteacht
  • Níor cheart do chustaiméirí iarraidh ar an tiománaí chun níos mó paisinéirí a iompar ná an t-uaslíon atá ceadaithe dá f(h)eithicil.
  • Níor cheart do chustaiméirí iarraidh ar an tiománaí chun aon reachtaíocht um thrácht ar bhóithre a shárú – mar shampla chun an luasteorainn a shárú.

Gaeilge

English