Táthar ag leanúint leis an gcéad chéim eile de chur chun feidhme BusConnects

Seolfar bealaí nua an 26 Eanáir:

  • E1 An Choill Thuaidh – OCBÁC – Lár na Cathrach – Bré – Baile Bhalraim (seirbhís 24 uair an chloig)
  • E2 Baile Munna (IKEA) – OCBÁC – Lár na Cathrach – Dún Laoghaire (seirbhís 24 uair an chloig)
  • 19 Aerfort Bhaile Átha Cliath – DCU – An Lár (Cearnóg Parnell/Cearnóg Mhuirfean)
  • L1 Baile an Chinnéidigh – Stáisiún na gCloch Liath – Stáisiún Bhré
  • L2 An Caisleán Nua – Stáisiún na gCloch Liath – Stáisiún Bhré
  • L3 Deilgne Thuaidh – Stáisiún na gCloch Liath – Páirc Ghleann an tSrutháin
  • L12 Baile Bhaltraim – Bóthar Herbert – Stáisiún Bhré
  • L14 Southern Cross Road – Stáisiún Bhré – Palermo
  • L15 Club Gailf Inis Ciarraí – Stáisiún Bhré
  • L26 Cill Tiarnáin – Cúirt Choirnéil – Stáisiún na Carraige Duibhe
  • L27 Gleann Ard Bhaile na Lobhar – Cúirt Choirnéil – Dún Laoghaire
  • X1 Cill Chomhghaill – Na Clocha Liatha – Lár na Cathrach (Sráid Hawkins)
  • X2 An Caisleán Nua – Cill Chomhghaill – Na Clocha Liatha – Gleann Bhríde – Lár na Cathrach (Sráid Hawkins)

Ceart: Eanáir 2025

An BusConnects Network Redesign

Is éard is BusConnects ann ná an clár atá á reáchtáil ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) chun feabhas mór a chur ar sheirbhísí bus i gcathracha na hÉireann. Is é is aidhm leis an líonra feabhas a chur ar chóras reatha Transport for Ireland (TFI) trí sheirbhísí bus feabhsaithe a sholáthar lena mbeidh
Bealaí Droma ardmhinicíochta agus bealaí nua Áitiúla, Cuarbhealaí agus bealaí Gathacha. I ndiaidh tús a chur le déanaí le Cuarbhealach an N2 (Stáisiún Heuston go Stáisiún Bhóthar Chluain Tarbh), leanfar le cur i bhfeidhm Chéim 6a ar an 26 Eanáir.

I measc na limistéar ar a bhfreastalaíonn Céim 6a tá:

  • Baile Anraí
  • Seantreabh
  • Baile Munna
  • OCBÁC (Seantreabh)
  • Aerfort Bhaile Átha Cliath
  • Cluain Tarbh
  • Baile Phib
  • Droichead Broome
  • Lár na Cathrach
  • Stáisiún Heuston
  • Stigh Lorgan
  • COBÁC (Belfield)
  • Bré
  • Dún Laoghaire
  • Na Clocha Liatha
  • An Caisleán Nua

Áirítear an méid seo a leanas le Buntáistí an chláir BusConnects:

  • Acmhainn agus minicíocht mhéadaithe.
  • Méadú ar sheirbhísí lae, oíche agus deireadh seachtaine.
  • Córas ticéadaithe feabhsaithe chun aistriú saor in aisce a sholáthar idir seirbhísí TFI infheidhme agus TFI 90 Minute Fare

Leanfar le Céim 6a a chur i bhfeidhm an 26 Eanáir

Chomh maith le tabhairt isteach Bhealaí Droma 24 uair an chloig E1, E2 agus Cuarbhealach 19, áirítear leis an gcéim sin seoladh bealaí áitiúla L1, L2, L3, L12, L14, L15, L26, L27 agus Mearbhealaí X1 agus X2.

Oibreoidh bealach gathach 19 chuig Cearnóg Parnell agus uaithi ar dtús agus chuig Cearnóg Mhuirfean agus uaithi le linn na mbuaicthréimhsí. Cuirfear tús le seirbhís an lae uile chuig Cearnóg Mhuirfean agus uaithi i mí Aibreáin.

Ní oibreofar na bealaí seo a leanas a thuilleadh: 46a, 46e, 63, 63a, 84, 84a, 84x, 143, 144, 145, 155, 184 agus 185.

Atreorófar na bealaí reatha seo a leanas a oibríonn Bus Átha Cliath:
  • Atreorófar Bealach 4 ó Bhaile na Manach ag Droichead Uí Chonaill go Stáisiún Heuston.
    Diversion-Route4-13.1.25
  • Atreorófar Bealach 11 ó Áth an Ghainimh ag Cearnóg Parnell chun dul trí Bhaile Phib agus ag an gCuarbhóthar Thuaidh go dtí Páirc an Fhionnuisce.
    Diversion-Route11-13.1.25
  • Críochnóidh Bealach 13 ó Chaisleán na Gráinsí ag Cearnóg Mhuinseo.
    Diversion-Route13-13.1.25

Léarscáileanna bealaí

Amchláir

Táillí

Baineann TFI 90 Minute Fare le formhór na dturas i limistéar Bhaile Átha Cliath, mar aon le codanna áirithe de Chill Dara Thoir agus de Chill Mhantáin Thuaidh. Ceadaíonn sé duit aistriú idir Bus Chathair Bhaile Átha Cliath (seirbhísí chathair Bhaile Átha Cliath Bhus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland ), Luas, DART agus iarnród comaitéireachta (criosanna 1 go 4 sa Chrios Short Hop) saor in aisce ar feadh 90 nóiméad agus TFI Leap Card á úsáid agat. Ní mór duit teagmháil a dhéanamh gach uair a rachaidh tú ar bord seirbhíse lena thaispeáint go bhfuil ticéad bailí agat faoi choinne gach turais. Fad is a dhéanfaidh tú teagmháil le do sheirbhís dheireanach laistigh de 90 nóiméad ón gcéad teagmháil, cáileoidh tú do TFI 90 Minute Fare.

Táillí Leap TFI Aosaigh Aosaigh Óga
(19-25) / Mac Léinn
Leanaí
Táille Turais Ghearr €1.50 €0.75 €0.65
TFI 90 Minute Fare €2.00 €1.00 €0.65

 

Cineálacha nua bealaí líonra

Le BusConnects Network Redesign, tugadh isteach cúig chineál bealaigh a oibrítear ar bhealaí éagsúla.

bealai droma

Is bealaí an-rialta iad Bealaí droma atá comhdhéanta de sheirbhísí bus aonair a chuirtear sa chlár ama chun oibriú le chéile thar a stráicí coiteanna.Roinnt samplaí de Bhealaí Droma atá curtha i bhfeidhm cheana is ea C1, C2, C3, C4, G1, G2, H1, H2 agus H3.

bealai gnathacha

Seirbhísí eile is ea Bealaí Gnathacha a oibrítear isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Níl na seirbhísí sin ina gcuid de Bhealach Droma ar bith agus feidhmítear iad de réir a gcláir ama féin. Roinnt samplaí de Bhealaí Gnathacha a cuireadh i bhfeidhm cheana is ea 52, 60 agus 74.

cuarbhealach

Soláthraítear naisc le Cuarbhealaí idir bruachbhailte, gan gá dul isteach i lár na Cathrach. Roinnt samplaí de Chuarbhealaí atá curtha i bhfeidhm cheana is ea an N4, N6, S2, S4, S6, S8, W2, W4 agus W6.

bealai buaicuaireanta - mearbhus

Oibrítear Bealaí Buaicuaireanta/Mearbhus Amháin le linn tréimhsí taistil buaice, agus soláthraíonn siad acmhainn bhreise feadh phríomhchonairí bus. Seirbhísí díreacha is ea na mearbhealaí ó na bruachbhailte amuigh go lár na cathrach le linn na mbuaicuaireanta, agus freastalaíonn siad ar stadanna teoranta chun paisinéirí a thabhairt chuig a gceann scríbe go gasta. Roinnt samplaí de Bhealaí Buaicuaireanta/Mearbhus atá curtha i bhfeidhm cheana is ea an X25, X26, X27, X28, X30, X31, X32.

bealai aitiula
Le bealaí áitiúla, soláthraítear naisc le hionaid áitiúla agus nascann siad le naisc iompair ar aghaidh. Roinnt samplaí de Bhealaí Áitiúla atá curtha i bhfeidhm cheana is ea an L25, L51, L52, L53, L54, L55 L58, L59.

Buntáistí an chláir BusConnects

Soláthraítear leis acmhainn bhreise agus minicíocht mhéadaithe, go háirithe sa tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine. Tugtar níos mó seirbhísí 24 uair an chloig isteach chun cuidiú le sealoibrithe agus a thacaíonn leis an ngeilleagar oíche.

buntáistí an chlair busConnects 300x337

  • 230 km de lánaí tosaíochta bus chun turais a dhéanamh níos tapúla agus níos iontaofa
  • Stadanna agus scáthláin bus nua le comharthaíocht agus faisnéis atá níos fearr
  • TFI 90 Minute Fare ag baint úsáid as TFI Leap Card
  • Áiseanna nua Páirceála & Taistil ag príomhshuíomhanna
  • Flíteanna bus íseal-astaíochtaí
  • 200km de lánaí/raonta rothar
  • Libhré nua bus a sholáthraíonn stíl coitianta idir na hoibreoirí TFI go léir

Treoir maidir le Minicíocht: E1, E2, 19, L1, L2, L3, L12, L14, L15, L26 agus L27

Phase 6 – Treoir maidir le Minicíocht: – GAEILGE

Frequency table for routes E1, E2, 19, L1, L2, L3, L12, L14, L15, L26 and L27 Treoir maidir le Minicíocht: E1, E2, 19, L1, L2, L3, L12, L14, L15, L26 agus L27

Pointe aistrithe idir seirbhísí TFI

Le Céim 6a, cuirtear naisc úrnua ar fáil thar ilmhodhanna iompair. Bain úsáid as do TFI Leap Card mar is gnách chun aistriú a dhéanamh leis na seirbhísí thíos.

Bealach E1, E2: 

  • Athraigh ag Baile Bhaltraim le E1 chun nascadh le bealaí X1, X2 agus L12.
  • Athraigh ag Dún Laoghaire le E2 chun nascadh le Stáisiún DART agus bealach S8.
  • Athraigh ag Bóthar Bhré chun nascadh le bealaí L26 agus L27.
  • Athraigh ag Bóthar Bhaile na Lobhar chun nascadh le bealach S8.
  • Athraigh ag Ascaill Chnoc Mhuirfean chun nascadh le bealach S6.
  • Athraigh ag Bóthar Waterloo chun nascadh le bealach S2.
  • Athraigh ag Bóthar na Buaile chun nascadh le bealach 19.
  • Athraigh ag Sráid Uí Chonaill chun rochtain a fháil ar Líne Ghlas agus Dhearg Luas.
  • Athraigh ag Ascaill Uí Ghríofa chun nascadh le bealach an N2.
  • Athraigh ag Ascaill Ghlas Naíon chun nascadh le bealach an N4.
  • Athraigh ag Lána Bhaile Bhúiséir le E2 chun nascadh le bealach an N6.

Bealach 19:

  • Athraigh ag Cearnóg Parnell chun rochtain a fháil ar Líne Ghlas Luas.
  • Athraigh ag Bóthar Mobhí chun nascadh le bealaí E1 agus E2.
  • Athraigh ag Ascaill Uí Ghríofa chun nascadh le bealach N2.
  • Athraigh ag Ascaill Ghlas Naíon chun nascadh le bealach an N4 .
  • Athraigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le haghaidh naisc iomadúla lena n-áirítear: 702, 700, 701, 704x, 717, 750, 726, 736, 750.

 

Bealach X2:

  • Athraigh ag Coill na Silíní agus nó ag Gleann Bhríde chun rochtain a fháil ar Líne Ghlas Luas.

Bealach L1, L2 agus L3:

  • Athrú L1 ag Bóthar an Mhuilinn chun nascadh le bealaí L3, X1 agus X2.
  • Athrú L1 agus L2 ag Príomhshráid Bhré chun nascadh le E1 Naisc le bealaí X1 agus X2 ag Cill Chomhghaill.
  • Athrú L2 ag Na Clocha Liatha chun nascadh le bealaí L3, X1 agus X2.
  • Athrú L12 ag Bré chun nascadh le bealaí L1, L2, L14, L15 agus E1.
  • Athrú L14 ag Bré chun nascadh le bealaí L1, L2, L12, L15 agus E1.
  • Athrú L15 ag Bré chun nascadh le bealaí L1, L2, L12, L14 agus E1.

Bealach L26 agus L27:

  • Athrú L26 ag Carraig Mhaighin chun nascadh le Líne Ghlas Luas agus bealach an L27.
  • Athrú L26 ag Bóthar Bhré chun nascadh le bealach E1.
  • Athrú L26 ag Bóthar Bhré chun nascadh le bealach S6.

Le haghaidh tuilleadh eolais, glaoigh ar 0818 294 015 nó líon isteach an fhoirm ghréasáin ag transportforireland.ie

Tá an Scéim Cúnaimh Taistil á reáchtáil ag Bus Átha Cliath thar ceann Transport for Ireland laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.

Tá sé mar aidhm léi cuidiú le custaiméirí iompar poiblí a úsáid leo féin, go háirithe daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Tá an scéim oscailte do gach duine os cionn ocht mbliana déag d’aois, agus tá sí ar fáil ar bhusanna Chathair Bhaile Átha Cliath (arna n-oibriú Bus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland), Luas agus seirbhísí DART i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas an scéim a úsáid cuir glaoch ar 0818 294 015.

is sinne TFI iompar duitse