Tá dhá chineál ann – Tacsaithe agus Hacnaithe.
Is fruilfheithiclí poiblí iad tacsaithe agus tacsaithe atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí. Ligeann a gceanglais cheadúnais agus ceadúnaithe cead dóibh custaiméirí a lorg ar cíos ag stad (stadanna tacsaí ag aerfoirt, stáisiúin traenach agus bus) agus is féidir iad a stopadh ar an tsráid freisin. Tá tacsaiméadar feistithe sa bhfeithicil chun a chinntiú go bhfuil an táille uasta á gearradh laistigh de na rialacháin. Ar ndóigh d’fhéadfaí go mbeadh ann do tháillí níos lú ná an luach a thaispeántar ar an méadar.
Baineann difríocht le hacnaithe agus hacnaithe atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí sa chaoi is gur fruilfheithiclí príobháideacha iad. Níl aon tacsaiméadar iontu agus is í an difríocht is mó ná nach mór an turas a chuir in áirithe roimh ré, i.e. táille agus turas socraithe roimh ré, mar sin níl aon tacsaiméadar de dhíth. Ní féidir leo a bheith ag lorg custaiméirí nó obair ag stad in aon áit, i.e. ní féidir leo táillí a thógáil ón bpobal ar an tsráid.
Tá clár cruthaithe ag An Údarás Náisiúnta Iompair maidir le gach Tacsaí atá Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí atá ar fáil ar fud na tíre. Tá sé seo ar fáil ar mhaithe le rochtain fheabhsaithe ar an tseirbhís speisialaithe seo a éascú do dhaoine faoi mhíchumas.
Is féidir leat glaoch ar an Líne Faisnéise ag 0818 064 000 agus eolas a lorg maidir le seirbhís Feithicil atá Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí atá i mbun seirbhíse i do cheantar. Más ag glaoch ó lasmuigh d’Éirinn atá tú, glaoigh ar + 353 761 064000
Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chomh maith chuig an Údarás ag taxis@nationaltransport.ie