Independent Travel Support logo

Baile Átha Cliath | Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh | Tuairimí Custaiméirí | Físeáin

Leis an tseirbhís Tacaíochta maidir le Taisteal Neamhspleách (TTN), ar a dtugtaí an Scéim Cúnaimh Taistil roimhe seo, tugtar cúnamh do phaisinéirí a bhfuil riachtanais sa bhreis acu, scileanna a fhorbairt chun líonra iompair phoiblí Transport for Ireland (TFI) a úsáid go neamhspleách.

Taistealóidh cúntóir TTN in éineacht leat agus cuirfidh siad oiliúint ort maidir le bheith ag taisteal go neamhspleách, go dtí go mbeidh sé de mhuinín agat a bheith ag taisteal ar do chonlán féin.

Cuireadh tús leis an tseirbhís Tacaíochta maidir le Taisteal Neamhspleách i mBaile Átha Cliath 15 bliana ó shin agus tugadh cúnamh léi do dhaoine an ceann scríbe is tábhachtaí a bhaint amach…an tSaoirse.

Tá sí leathnaithe ag an ÚNI anois go Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge.

Tá an tseirbhís TTN saor in aisce agus ar fáil do dhaoine ocht mbliana déag d’aois agus níos sine.

Íoslódáil  PDF

Baile Átha Cliath

I mBaile Átha Cliath, bainistíonn Bus Átha Cliath an tseirbhís TTN thar ceann an ÚNI agus feidhmíonn sí ar gach seirbhís TFI ar fud Bhus Átha Cliath, Go Ahead Ireland, Luas agus DART i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Chun leas a bhaint as an tseirbhís, déan teagmháil le Bus Átha Cliath thíos:

Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh

I gCorcaigh, i Luimneach, i bPort Láirge agus i nGaillimh, bainistíonn Bus Éireann an tseirbhís TTN thar ceann an ÚNI agus feidhmíonn sí ar sheirbhísí cathrach TFI arna n-oibriú ag Iarnród Éireann, seirbhísí Comaitéireachta Chorcaí, Bus Éireann, Cóiste Bhaile Átha Cliath, City Direct agus Nasc Áitiúil.

Chun leas a bhaint as an tseirbhís, déan teagmháil Bus Éireann thíos:

Tuairimí Custaiméirí

Tuairim ó Chustaméir Bhaile Átha Cliath:

Tá an neamhspleáchas ar tugadh leis do mo mhac thar barr, agus é in ann taisteal leis féin ar an mbus anois, rud atá go hiontach. An chéad lá a fuair sé an bus (2 bhus!) abhaile leis féin tar éis dó a chuid oiliúna a chríochnú, bhí ríméad air nuair a tháinig sé abhaile! B’ábhar misnigh é fios a bheith againn go raibh a leithéid de sheirbhís ghairmiúil ar fáil chun oiliúint a thabhairt dó iompar poiblí a úsáid go neamhspleách

Tuairim ó Chustaiméir Luimnigh:

Bhí Seán agus Rose an-ghairmiúil, foighneach, tuisceanach agus cairdiúil. D’fhorbair siad caidrimh go han-tapa leis na daoine ar thug siad tacaíocht dóibh. Thug an tseirbhís Tacaíochta maidir le Taisteal Neamhspleách neamhspleáchas don duine le taisteal ar an mbus rud a chabhraíonn lenár seirbhís lae mar ní gá don té a fhaigheann tacaíocht a bheith ag brath chomh mór ar an bhfoireann chun dul áit éigin. Thug sé borradh mór muiníne don duine a bhfuil an tacaíocht á fáil acu agus thug sé níos mó neamhspleáchais dóibh taisteal timpeall Chathair Luimnigh.

Tuairim ó Chustaiméir Chorcaí:

Chuir an neamhspleáchas agus an féinmheas a thug an TTN dár n-iníon go mór lena muinín. Agus mé ar an eolas go bhfuil muinín aici taisteal go neamhspleách tar éis di treoir iontach agus spreagadh dearfach a fháil ó Eleanor, níl aon imní orm faoina cuid taistil. Sin rud nár cheapamar riamh go bhfeicfimis, í a bheith in ann taisteal abhaile léi féin. Tá an scéim seo fíor-luachmhar dúinne mar thuismitheoirí de chuid bhean óg le riachtanais speisialta.

Físeáin 

Bus Átha Cliath

Bus Éireann 

Tacaíocht maidir le Taisteal Neamhspleách i gCorcaigh

Video imae of Travel Assistance scheme in Cork